Dé Máirt 21ú Bealtaine 2013 - An dochar bainte ag Foireann Diúscartha Buamaí­ an Airm as Sean-Ghránáid.

 

Bhain Foireann Diúscartha Buamaí­ an Airm an dochar as sean-ghránáid i mBun an Tábhairne, Co. Chorcaí­, tráthnóna inniu.

Chuir Óglaigh na hÉireann an Fhoireann Diúscartha Ordanáis Phléascaigh (EOD) amach ar iarratas ón nGarda Sí­ochána tar éis gur tháinig grúpa daoine a bhí­ ag tochailt ag áit chónaithe prí­obháideach i mBun an Tábhairne ar shean-ghránáid. Bhí­ an fhoireann ar an láthair ag 7.35 pm agus dúnadh an áit do dhaoine agus do thrácht ar mhaithe le sábháilteacht phoiblí­.

Tugadh an ghránáid, ceann de dhéanamh Mills, a mheastar gur ó thús an fichiú haois í­, go dtí­ áit shábháilte in aice láimhe agus baineadh an dochar aisti trí­ phléascadh rialaithe. Fógraí­odh an áit slán sábháilte ag 8.35 pm.

Ba é sin an trí­ú glaoch a fuair Foirne EOD Óglaigh na hÉireann go dtí­ seo inniu.


Dáta an Phreasráitis: 21ú Bealtaine 2013

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Denis Hanly

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Rí­omhphost: Preasoifigeach