Scoil Eachaíochta (Dalta)
Bunaíodh Scoil na Marcaíochta sa bhliain 1926 chun Éire agus capaill na hÉireann a chur chun cinn.
Scoil Sárfheabhais i gCúrsaí Eachaíochta
Cuireadh an Scoil Eachaíochta ar bun sa bhliain 1926 d’fonn Éire agus eachra na hÉireann a chur chun cinn. Ó shin i leith tá marcaigh de chuid na Scoile Eachaíochta ina gcrann taca ag foirne na hÉireann i mbun léimneach seó agus ilchomórtais eachaíochta. Ghlac marcaigh an airm páirt sna Cluichí Oilimpeacha, i gCraobhchomórtais an Domhain agus i gCraobhchomórtais na hEorpa i gcomórtais seóléimní agus in Ilchomórtas Marcaíochta Trí Lá thar ceann na hÉireann.
Misean na Scoile Eachaíochta
Aird a tharraingt ar chapall spóirt na hÉireann trí pháirt a ghlacadh ar an leibhéal is airde i gcomórtais idirnáisiúnta.
Tá a gcion déanta ag marcaigh na Scoile d’fhoireann na hÉireann i mbun Trófaí an Aga Khan a bhuachan go minic san RDS i mBaile Átha Cliath chomh maith le Corn na Náisiún a thabhairt leo ag ócáidí ghradamúla in ionaid thar lear, mar shampla Aachen, Calgary, Washington agus Toronto. Is cinnte gur mór an leas atá déanta ag marcaigh an Airm, le buanna iomadúla ar chapaill de phór na hÉireann, i gcomórtais éagsúla i gCraobh an Domhain, maidir le haird a tharraingt ar chapaill na hÉireann agus a ndíol thar lear a chur chun cinn. Is léiriú an teist atá ar chapaill na hÉireann, ag iomaíocht do náisiúin eile le himeacht na mbliana, ar a raibh de rath ar an Scoil maidir leis an gcuspóir sin.
De thoradh ar pháirt na Scoile ar an leibhéal is airde go díreach i gcomórtais idirnáisiúnta, tá clú ardchaighdeán eachaíochta agus scile ar na cóitseálaithe, ar na marcaigh agus ar an dream grúmaeireachta. Is minic duaiseanna bainte amach ag grúmaeirí an Airm as an gcuma a bhíonn acu ar na capaill agus as an aire shármhaith a thugtar dóibh.
Le rannpháirtíocht mharcaigh na Scoile in eagraíochtaí náisiúnta eachaíochta, fónann Scoil Eachaíochta an Airm d’fhorbairt na marcaíochta agus na heachaíochta go ginearálta tríd an lón tairbheach traenála agus taithí atá gnóthaithe ag marcaigh iomaíochta na Scoile a chraobhscaoileadh. Tugann Scoil Eachaíochta an Airm cúnamh do mharcaigh óga le sparánacht traenála an Aire Cosanta. Is sparánacht bhliantúil seo a bhronntar ar bheirt mharcach óg a bhfuil gealladh maith fúthu agus tugtar traenáil san áireamh leis chomh maith le páirt a ghlacadh i seónna idirnáisiúnta ar an leibhéal sóisearach.
Is féidir a áiteamh freisin go dtarraingíonn an Scoil Eachaíochta aird ar ghnéithe eile d’acmhainní na hÉireann, go háirithe i réimse na turasóireachta, na trádála agus na margaíochta, trí bhéim a leagan go poiblí agus go hoiriúnach ar Éirinn agus ar earraí de chuid na hÉireann.
Tionchar ar leibhéal straitéise
Eachspórt Éireann (E.S.É) an Cheanneagraíocht Náisiúnta maidir le tionscal an Chapaill in Éirinn. Tá Oifigigh atá ag fónamh i Scoil Eachaíochta an Airm, chomh maith le hiar-oifigigh atá ar scor, ar Choistí éagsúla de chuid E.S.É faoi láthair. Déanann Oifigigh fónamh freisin ar bhoird agus ar choistí eagraíochtaí eachaíochta eile in Éirinn, ina measc: Cumann Seóléimní na hÉireann, Seómharcaíocht Éireann & Coiste Eachaíochta Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá iaroifigigh ag déanamh cion tairbhe don Chomhlacht Rialaithe Idirnáisiúnta, an Fédération Equestre Internationale (F.E.I.).
Tionchar ar Chúrsaí Traenála
Rinne an Scoil Eachaíochta córas cóitseála agus traenála a leagan amach agus a fhorbairt a bhfuil glactha leis ó shin mar Shiollabas Náisiúnta Cóitseála agus Traenála ag tionscal an eachspóirt. Is é an córas cóitseála seo a bhfuil glacadh leis mar chaighdeán idirnáisiúnta agus is é atá in úsáid ar fud an domhain ag an Fédération Equestre Internationale (F.E.I.). Ar an gcuma chéanna, tá glactha ag E.S.É mar Chaighdeán Náisiúnta le siollabas traenála na Scoile Eachaíochta do ghrúmaeirí.
Tionchar ar Chúrsaí Oideachais
Eagraíonn Oifigigh de chuid na Scoile Eachaíochta seisiúin taispeántais agus clinicí do dhreamanna éagsúla sainspéise a bhaineann leis an tionscal. Eagraítear iad seo d’fhonn eolas agus faisnéis a chur ar fáil do dhaoine faoi chúrsaí folaíochta, traenála agus cóitseála.
Tionchar ar Chúrsaí Folaíochta
Chuir E.S.É fochoiste ar bun d’fhonn Polasaí Folaíochta nua don Each Spóirt Ardfheidhmíochta a chur i dtoll a chéile. Tá beirt Oifigeach de chuid na Scoile Eachaíochta ar an Tascfhórsa seo maidir le Capaill Folaíochta de Scoth an Domhain de Phór na hÉireann. Is é a chuirtear de chuspóir roimh an tascfhórsa seo feabhas a chur ar an straitéis folaíochta maidir leis an Each Spóirt de Phór na hÉireann.
Sparánaíochtaí
Bronntar trí cinn de Sparánachtaí Traenála in aghaidh na bliana, le caoinchead an Aire Cosanta, ar mharcaigh óga atá san iomaíocht i gcomórtais seoléimní agus seómharcaíochta. Cuireann Oifigigh Marcaíochta de chuid na Scoile Eachaíochta traenáil ar na marcaigh a fhaigheann sparánacht agus iad ar chapaill dá gcuid féin. Is marcaigh óga iad seo a mbeadh i ndán dóibh iomaíocht a dhéanamh go hIdirnáisiúnta ar an leibhéal sinsearach agus cuidíonn an traenáil a chuireann an Scoil Eachaíochta ar fáil leis an acmhainn marcaíochta sin iontu a thabhairt chun cinn.
Feabhas ar an Eachra Folaíochta
Is féidir faoi Scéim Ceannacháin & Léasála na Scoile Eachaíochta láir a ligean ar ais chuig an úinéir ar dheireadh a theacht le ré iomaíochta na lárach. Fágann sin ar chumas an úinéara searraigh a shíolrú ó láir de phór na hÉireann a bhfuil teist chruthanta uirthi i mbun iomaíochta. Tuigtear gur láir searraigh den sórt sin is fearr maidir le heachra spóirt ardfheidhmíochta a thógáil. Cuireann an bheartaíocht seo le caighdeán an Eachra Náisiúnta.
An Siollabas Traenála maidir le Daltas Eachaíochta – An Cúrsa atá Romhat
Is é an aidhm atá le traenáil daltaí carachtar agus scileanna ceannaireachta a chothú agus tuiscint ar dhualgas agus ar fhreagracht a fhorbairt sa dalta. Bíonn gá ag dalta airm le géire intinne agus aclaíocht colainne le leas a bhaint as an traenáil sin a tharlaíonn i dtimpeallacht lena ngabhann smacht docht.
Céim 1: Ionduchtú
Is é an aidhm atá leis an gcéim traenála seo go bhfaighfí máistreacht ar na scileanna bunúsacha a mbíonn gá ag duine in Óglaigh na hÉireann leo. Modh teagaisc a bhaineann leis an traenáil seo. Déantar daltaí a thraenáil ina ngrúpaí beaga, ina scuaid agus ina gcomplachtaí coisithe, le béim ar dhea-thréithe agus inniúlacht pearsanta a thabhairt chun cinn. Tá príomhthábhacht le sóisialú i saol an airm, in Óglaigh na hÉireann, agus ní thugtar pas deireadh seachtaine ach amháin gach 4 seachtaine. Beidh de shrian ar dhaltaí taobh amuigh de sin gan dul níos faide ná 10km ó Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann, faoi réir Bhuanorduithe Scoil na nDaltaí. Ar an gCéim seo den chlár Traenála agus Oideachais a chríochnú go sásúil, beidh ar chumas na nDaltaí:
- Luachanna Óglaigh na hÉireann a thuiscint.
- Bunphrionsabail ceannaireachta a shonrú.
- Feidhmiú le freagracht phearsanta.
- Smacht phearsanta, díograis i gclú na buíne agus folláine na colainne a fhorbairt.
- Inniúlacht a léiriú in airm phearsanta a úsáid, mapaí a léamh, druileáil coisíochta, druileáil arm, scileanna machaire agus réimsí eile inniúlachta.
- Seimeastar 1 dá gcúrsa léinn a chríochnú go sásúil.
Céim 2: Forbairt
Is é an aidhm atá leis an gcéim traenála seo go bhforbrófaí scileanna ceannaireachta an dalta agus go gcothófaí máistreacht ar scileanna míleata bunúsacha an chomhair. Beidh gné na gcoisithe in oibríochtaí den ghnáthchineál in úsáid mar mhodhanna forbartha, le béim ar dhea-thréithe an duine agus ar inniúlacht an ghrúpa beag. Modh teagaisc / treorach a bhaineann leis an traenáil seo. Is féidir le dalta pas deireadh seachtaine a fháil uair amháin sa mhí. An tráth nach bhfuil pas acu, beidh de shrian ar dhaltaí gan dul níos faide ná 10km ó Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann, faoi réir Bhuanorduithe Scoil na nDaltaí. Ceadófar don dalta carr a choinneáil le húsáid an tráth a mbíonn pas aige/aici. Ar an gCéim seo den chlár Traenála agus Oideachais a chríochnú go sásúil, beidh ar chumas na nDaltaí:
- Glacadh go fonnmhar le luachanna Óglaigh na hÉireann.
- A gcuid scileanna ceannaireachta a chleachtadh.
- Cúram a ghlacadh maidir le gnéithe atá faoina gceannas.
- Smacht phearsanta, díograis i gclú na buíne agus aclaíocht trodaíochta a fhorbairt níos mó.
- Inniúlacht a léiriú maidir le hairm na complachta, gnáthbheartaíocht na complachta, cumarsáid, modhanna teagaisc agus réimsí eile inniúlachta.
- Seimeastar 2 dá gcúrsa léinn a chríochnú go sásúil.
Céim 3: Cumhachtú
Is é an aidhm atá leis an gcéim traenála seo go bhfairsingeofaí scileanna ceannaireachta an dalta agus go gcothófaí máistreacht ar phríomhscileanna míleata an chomhair. Beidh buíon agus complacht na gcoisithe, in oibríochtaí den ghnáthchineál agus in oibríochtaí seachas cúrsaí cogaíochta, in úsáid mar mhodhanna chun an fairsingiú sin a thabhairt i gcrích. Beidh buntábhacht le forbairt dhea-thréithe a dhaingniú agus cur le réimsí inniúlachta an ghrúpa. Modh treorach a bhaineann leis an traenáil seo agus níos mó á chur ar chumhacht an Dalta lena linn. Is féidir le dalta pas deireadh seachtaine a fháil faoi dhó sa mhí. An tráth nach bhfuil pas acu, beidh de shrian ar dhaltaí gan dul níos faide ná 50km ó Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann, faoi réir Bhuanorduithe Scoil na nDaltaí. Ceadófar don dalta carr a choinneáil le húsáid tar éis uaireanta dualgais. Ar an gCéim seo den chlár Traenála agus Oideachais a chríochnú go sásúil, beidh ar chumas na nDaltaí:
- Luachanna Óglaigh na hÉireann a léiriú.
- A gcuid ceannaireachta a leasú.
- Cúram ceannasaíocht a lorg.
- Cur leis an smacht phearsanta agus leis an aclaíocht trodaíochta.
- Dul faoi Thraenáil Eachtraíochta.
- Sárdhíograis i gclú na buíne a léiriú in Óglaigh na hÉireann.
- Éifeacht a léiriú i mbun ghnáthbheartaíocht na buíne, trodaíocht i gceantar foirgníochta (FIBUA), oibríochtaí seachas cogaíocht (OOTW), druileáil searmanais agus réimsí eile inniúlachta.
- Tuiscint a léiriú ar bhunghnéithe Oibríochtaí Tacaíocht Síochána (PSO).
- Seimeastar 3 dá gcúrsa léinn a chríochnú go sásúil.
Céim 4: Sintéis
Is é an aidhm atá leis an gcéim dheireanach seo go dtabharfaí am machnaimh maidir le scileanna ceannaireachta pearsanta an dalta, go dtabharfaí buneolas faoin bpróiseas cinnteoireachta sa réimse míleata, go ndéanfaí ullmhúchán don athrú go céim oifigigh. Beidh buntábhacht le daingniú ar fhorbairt dhea-thréithe agus ar réimsí inniúlachta an ghrúpa. Gné an chomhair a bhainfidh leis an gcineál traenála a dhéanfar agus comhtháthú á dhéanamh ag na Daltaí ar an treoir atá tugtha i gcion cheana agus sinn ag dul i muinín chomhoibre agus chaidreamh an chomhair. Beidh tugtha le fios go bhfuil siad iontaofa agus d’fhéadfadh Daltaí pas a fháil gach deireadh seachtaine. An tráth nach bhfuil pas acu, beidh de shrian ar dhaltaí gan dul níos faide ná 50km ó Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann, faoi réir Bhuanorduithe Scoil na nDaltaí. Ceadófar don dalta carr a choinneáil le húsáid tar éis uaireanta dualgais. Ar an gCéim seo den chlár Traenála agus Oideachais a chríochnú go sásúil, beidh ar chumas na nDaltaí:
- Gnáthchuid dé gcuid oibre a dhéanamh de luachanna Óglaigh na hÉireann.
- A gcuid scileanna ceannaireachta a dhaingniú.
- Cúram ceannasaíocht a thabhairt orthu féin.
- A gcuid aclaíochta trodaíochta a mheas agus a fheabhsú.
- Sársmacht agus díograis i gclú na buíne a léiriú go paiteanta in Óglaigh na hÉireann.
- Feidhmiú le tuiscint ar bhunghnéithe an Phróisis maidir le Déanamh Cinntí Míleata (MDMP).
- Ullmhú don athrú tar éis coimisiún a fháil.
An Searmanas Coimisiúnaithe
Cuirtear deireadh le clár traenála na nDaltaí Oifigigh le searmanas coimisiúnaithe ag a dtugtar an chéim nua do na Daltaí – Dara Leifteanant i gcás dhaoine a d’fhág an scoil agus Leifteanant i gcás chéimithe.
Na Daoine atá uainn
Tá an tArm ag lorg iarrthóirí ar mian leo fónamh do Stát na hÉireann agus ar mhaith leo ré gairme éagsúil a bheidh sochrach tairbheach dóibh. Tá iarrthóirí á lorg againn ar spéis leo feidhmiú i dtimpeallachtaí casta oibriúcháin. Tá iarrthóirí á lorg againn ar mhaith leo deis oibriú i meithle de dhaoine gairmiúla cumasacha agus ar mhaith leo a gcuid scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus a bheith i gceannas ar dhream sárspreagtha i mbun misin dhúshlánacha.
Tá iarrthóirí á lorg ag an Arm ag a bhfuil:
- An cumas rudaí a phleanáil, a chur in ord tábhachta agus a eagrú go críochnúil
- An cumas fadhbanna a anailísiú go cúramach chun teacht ar na réitigh chuí
- Scileanna cumarsáide lena mbaineann soiléire, cruinneas agus éifeacht
- Féinspreagadh ar leibhéal ard, an cumas daoine eile a spreagadh agus oibriú go héifeachtúil i meitheal
- An cumas feidhmiú go héifeachtúil i gcásanna lena mbaineann anó don cholainn agus cuid mhór brú
An Mheasúnacht a ghabhann le Comórtas Daltais
Rachaidh iarrthóirí faoi chineálacha éagsúla measúnachta, ina measc tástáil shíciméadrach, tástáil maidir le folláine na colainne, agallaimh bunaithe ar réimsí inniúlachta agus scrúdú dochtúra. Éileofar ar iarrthóirí a ghairmtear chun measúnachta Foirm Iarrthóra maidir le Grinnfhiosrúchán an Gharda a líonadh isteach agus a shíniú, foirm lena dtabharfar, de bhun Alt 8 den Acht um Chosaint Sonraí, 1988, údarás don Gharda Síochána ráiteas a chur ar fáil d’Óglaigh na hÉireann nár tharla roimhe seo an t-iarrthóir a chiontú i gcion nó ráiteas faoi na cionta inar ciontaíodh an t-iarrthóir más mar sin a tharla.
Réamhchoinníollacha/Cáilíochtaí
Tugtar cuntas achomair ar a n-éilítear maidir le hiarrthóirí i ngach comórtas faoi seach sna Téarmaí agus Coinníollacha a ghabhann le gach comórtas faoi leith. Ceadaítear na naisc thíos.
Buntáistí le Dul Isteach in Óglaigh na hÉireann
Foghlaimítear scileanna tairbheacha, cothaítear buanchairdeas agus déantar fónamh don Stát. Bíonn tairbhe as traenáil iontach, as deiseanna gairme agus an deis bearta sárfhiúntacha a dhéanamh in Éirinn agus thar lear.