We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Army 3

Dalta Ordanáis an Airm

Bunaíodh Cór Ordanáis an Airm den chéad uair mar eintiteas ar leith i mí na Bealtaine 1922. Tá ról oibríochtúil agus lóistíochta ag an gCór Ordanáis laistigh d'Óglaigh na hÉireann. Is é an ról lóistíochta tacaíocht theicniúil a sholáthar i soláthar, stóráil, dáileadh, cigireacht, cothabháil, deisiú agus diúscairt gach mír Ordanáis.

DALTA ORDANÁIS SAN ARM

Cuireadh Cór Ordanáis an Airm ar bun mar eintiteas ann féin den chéad uair i mí Bealtaine 1922. Tá ról oibriúcháin agus ról lóistíochta leis an gCór Ordanáis in Óglaigh na hÉireann. Is é a bhaineann leis an ról lóistíochta cúnamh taca teicniúil a chur ar fáil maidir le gach mír Ordanáis a Sholáthar, a Stóráil, a Dháileadh, a Scrúdú, a Chothabháil, a Dheisiú agus a Dhiúscairt.

Is liosta fada fairsing an liosta den trealamh a bhainean le hOrdanás a bhíonn in úsáid in Óglaigh na hÉireann, lena n-áirítear Armlón, Trealamh Braiteoireachta & Cosanta CBRN, Ábhar Pléascaigh, Canbhás, Trealamh Amhairc Oíche & Acmhainní Íomhánna Teirmeacha, Éadach, Armúr, Trealamh Róbaitice, Airm Mhóra agus Éadroma, Túiríní & Córais Feistithe, Córais Armála an Chabhlaigh, Ionstraimí Rialáil Lámhaigh, Trealamh Lónadóireachta Machaire agus Córais Gleice & Samhlúcháin Oirbheartaíochta.
Cuireann an Cór Ordanáis freisin an t-aon tseirbhís Diúscartha maidir le hOrdanás Pléascaigh (DOP) sa stát ar fáil i gCabhair ar an gCumhacht Shibhialta agus déantar maoirseacht maidir le Bearta in aghaidh Feistí Pléascaigh Seiftithe a thabhairt chun cinn laistigh den eagraíocht.

An Dalta Ordanáis
Téann an Dalta Ordanáis faoin gcúrsa céanna traenála leis an Dalta Airm faoi mar a leagtar amach thuas. Ar an Daltas Ordanáis a chríochnú go sásúil, beidh an Dalta incheaptha ina Oifigeach Coimisiúnaithe i ngrád Leifteanaint, ar pá Ráta 2, sa Chór Ordanáis.

Beifear ag tnúth, ar a cheapadh sa Chór Ordanáis, go ndéanfaidh an tOifigeach Ordanáis Cúrsa na nOifigeach Sóisearach, tuairim is 12-15 mí, a chríochnú go sásúil sa Scoil Ordanáis i gCampa an Churaigh. Le linn a ré gairme, beidh deis freisin ag Oifigeach Ordanáis Céim Máistreachta (Leibhéal 9 sa Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a dhéanamh i réimsí éagsúla léinn óna mbeadh sochar ag an eagraíocht.

Aon Oifigeach Ordanáis nach gcríochnaíonn Cúrsa na nOifigeach Sóisearach go sásúil, déanfar an tOifigeach sin a cheapadh i gCeapachán Oifigigh Líne, taobh amuigh den Chór Ordanáis, agus a chur ar ais ar pá Ráta 1, de réir mar a mholann an Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht).

Cáilíochtaí
Féach le do thoil na coinníollacha oideachais faoi na téarmaí agus coinníollacha reatha

Téarmaí & Coinníollacha 2025