Iontráil Dhíreach an Airm
Téigh isteach in Arm na hÉireann i róil speisialaithe gan an oiliúint chaighdeánach earcaíochta a chríochnú, rud a ligeann do ghairmithe a bhfuil taithí acu a gcuid scileanna a chur ar fáil láithreach.
Tugtar liosta thíos de na slite atá oscailte faoi láthair inar féidir Iontráil go Díreach in Óglaigh na hÉireann. Déanfar an liosta seo a leasú go rialta de réir mar a bhíonn slite nua Iontráil a dhéanamh go Díreach ar fáil.
Deiseanna Iontráil a dhéanamh go Díreach atá ar fáil faoi láthair
Deiseanna Iontráil a dhéanamh go Díreach san Arm
Oifigeach Innealtóireachta san Arm
Is oifigeach coimisiúnaithe de chuid Chór Innealtóirí an Airm, Cór Tacaíochta Comhraic, an tOifigeach Innealtóireachta. Is é príomhról atá le Cór na nInnealtóirí cuidiú leis an arm maireachtáil, athrú ó áit go háit agus troid a dhéanamh an tráth céanna a séantar sin ar an namhaid — tagann bearta éagsúla oibre i gceist leis sin, mar shampla Campa a shuí agus córais maireachtála a fheistiú, glanadh mianach, réiteach bealaigh agus bearta feistiúcháin, cothabhála agus tógála d’Óglaigh na hÉireann.
Is féidir tuilleadh a léamh faoi Shlí Bheatha i d’Oifigeach Innealtóireachta
Dochtúir Leighis
Is Oifigeach speisialtóra é an tOifigeach Leighis a chleachtann leigheas laistigh d'Óglaigh na hÉireann sa bhaile agus thar lear. Dírítear sa chleachtas leighis ar chosaint agus oideachas sláinte, ar chúram príomhúil agus ar an timpeallacht leighis. Bíonn dúshláin fisiceacha agus intinne an-dáiríre ag baint leis an obair.
Is féidir tuilleadh a léamh faoi Shlí Bheatha id’Oifigeach Leighis
Oifigeach Fiaclóireachta
I d’Fhiaclóir duit in Óglaigh na hÉireann, bíonn ról tábhachtach le do chuid gairmiúlachta maidir le gach uile mhisean. Nuair a bhíonn saighdiúirí ar fiannas, ní féidir trioblóid lena gcuid fiacla a bheith ina chur isteach orthu. Go háirithe nuair a gcuid sábháilteachta féin, agus sábháilteacht a gcomrádaithe, i gceist.
Is féidir tuilleadh a léamh faoi Shlí Bheatha i d’Oifigeach Fiaclóireachta
Ceoltóirí Uirlise
Cuireann Ceoltóirí Uirlise Míleata ceol ar fáil le linn gnéithe éagsúla den saol in Óglaigh na hÉireann, lena n-áirítear paráid searmanais, bronnadh coimisiúin/céime, searmanais loinge agus eile. Seinntear freisin ag ócáidí rialtais agus ag ócáidí poiblí, in Éirinn agus thar lear.
Is féidir tuilleadh a léamh faoi Shlí Bheatha leCeol Míleata
Stiúrthóir Banna
Is Oifigeach speisialtóireachta an tOifigeach Teicniúil Banna a oibríonn i meitheal beag a dhéanann bainistíocht ar thraenáil agus ar fheidhmiú thrí cinn de bhannaí Scoil Cheoil Óglaigh na hÉireann. Déantar duine a earcú don phost seo mar Oifigeach Teicniúil trí Iontráil Dhíreach.
Is féidir tuilleadh a léamh faoi Shlí Bheatha i doStiúrthóir Banna