Seirbhís Ghinearálta - Seirbhís Arm & Cabhlaigh
Maireann muid i ndomhan atá lán le héagsúlacht; tá fir agus mná ó gach cúlra ag teastáil ó na Fórsaí Cosanta a bhfuil tuiscint láidir dualgais acu, a thaitníonn le bheith ag obair mar chuid d’fhoireann, agus atá ag lorg gairme luachmhaire ach dúshlánaí.
Tá Óglaigh na hÉireann anois ag glacadh le hiarratais maidir le Gnáthsheirbhís san Arm agus sa tSeirbhís Chabhlaigh.
Táimid ag maireachtáil i ndomhan ilchineálach; teastaíonn fir agus mná ó gach cúlra ó Óglaigh na hÉireann a bhfuil tuiscint láidir acu ar dhualgas, a bhaineann sult as oibriú mar chuid d'fhoireann, agus atá ag iarraidh tabhairt faoi ghairm bheatha atá dúshlánach ach tairbheach.
Ní mór d’iarratasóirí ar an arm a bheith 18 mbliana d’aois agus faoi 39 bliana ar an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Ní mór d’iarratasóirí ar an tSeirbhís Chabhlaigh a bheith 18 mbliana d’aois agus faoi 39 bliana ar an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Ní mór d’iarratasóirí a bheidh ag déanamh iarratas ar Earcaíocht Gnáthsheirbhíse a bheith ar an eolas gurb iad seo a leanas na ceantair freagrachta dá mbeidh iarratasóirí ag déanamh iarratas ina leith:
An Chéad Bhriogáid - Ionad Agallaimh Chorcaí
Corcaigh, Ceatharlach, An Clár, Gaillimh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Port Láirge agus Loch Garman
An Dara Briogáid - Baile Átha Cliath / Ionad Agallaimh an Churraigh, DFTC
Baile Átha Cliath, An Cabhán, Dún na nGall, Cill Dara, Liatroim, An Longfort, An Lú, Maigh Eo,An Mhí, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach, An Iarmhí agus Cill Mhantáin.
Más féidir, éascófar é go dtabharfaidh iarratasóirí faoi thástálacha aclaíochta agus agallamh ag an ionad is gaire dóibh.
Is féidir tuilleadh a léamh faoi a bheith i d’Earcach san Arm >>
Faigh tuilleadh amach faoi bheith i d’Earcach sa tSeirbhís Chabhlaigh
Ní ghlacfar le hiarratais ach ar líne.