Oifigigh Innealtóireachta Leictrí an Chabhlaigh
Tá deiseanna ar fáil sa tSeirbhís Chabhlaigh maidir le hOifigigh Innealtóireachta Leictreachais.
Bíonn Oifigigh sa Bhrainse Leictreachais freagrach as obair dearthóireachta, soláthair, feistiúcháin agus cothabhála ar réimse leathan córas maidir le loingeas na Seirbhíse Cabhlaigh ar a n-áirítear gineadóireacht agus dáileadh cumhachta, córais loingseoireachta, córais chumarsáide, córais airm, córais óstáin agus córais timpeallachta chomh maith le gnéithe de bhonneagar TF na Seirbhíse Cabhlaigh a choinneáil i gcaoi mhaith. Bíonn Oifigigh Innealtóireachta Leictreachais (OIL) freagrach freisin as Traenáil Theicniúil i gColáiste na Seirbhíse Cabhlaigh, as obair thaca do Rannóg Tumadóireachta na Seirbhíse Cabhlaigh agus as bainistíocht AD i ndáil le baill foirne míleata agus as measúnú a dhéanamh ar Chaighdeáin Oibriúcháin. Is féidir le OIL fónamh i gceapachán ar bord loinge, ar tír mór nó, más mar sin a thiteann amach, thar lear.
Téarmaí & Coinníollacha maididr le hOifigeach Innealtóireachta Leictreachais trí Iontráil Dhíreach