Comórtas Printíseach Teicneora san Aerchór
Táimid ag lorg daoine spreagtha a bhfuil dúil acu ag obair mar chuid d’fhoireann i dtimpeallacht theicniúil. Beidh na hiarrthóirí rathúla mar chuid den fhoireann Aerchóir a dhéanfaidh cothabháil aerárthaí ar chabhlach an Aerchóir agus a sholáthróidh tacaíocht theicniúil. Comhlíonann an oiliúint dámhachtainí Oideachais Ollscoil Theicniúil Bhaile Átha Cliath agus beidh céimithe an chláir seo incháilithe do Bhaitsiléir Innealtóireachta Leibhéal 7 i dTeicneolaíocht Eitlíochta Míleata. Ní mór d’iarratasóirí a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad agus níos óige ná 23 bliana d’aois.