We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

MAINBANNER 2

An Coláiste Míleata

Tá an Coláiste Míleata freagrach as oiliúint agus foirceadal a chur ar fáil do Cheannaireacht, bainistíocht agus aonaid chomhraic de chuid Óglaigh na hÉireann. íirítear san oiliúint cúrsaí gairme, tacaíocht d’armáin choisithe, cúrsaí don bhainistíocht shinsearach agus oiliúint thar lear.

An Coláiste Míleata

Sa bhliain 1923, rinne an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha) 1923 foráil do bhunú Choláiste Míleata Éireannach, agus bunaíodh Scoil Teagaisc an Airm ina raibh foireann mhór faoi cheannas Maorghinearál. Bhí sí lonnaithe sa Bhearaic Airtléire i gCill Dara ar dtús agus aistríodh í go dtí Dún Keane (Dún an Phiarsaigh) sa bhliain 1924. Cuireadh Misean Míleata na hÉireann go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1926 chun staidéar a dhéanamh ar ghairm na n-arm ag bunaíochtaí míleata i Meiriceá. Bunaíodh Coláiste Míleata na hÉireann, mar atá cur amach againn anois air, go foirmiúil i 1930, agus coimisiúnaíodh an chéad rang daltaí an bhliain sin.

Tá an Coláiste Míleata freagrach as oiliúint agus foirceadal a chur ar fáil do Cheannaireacht, bainistíocht agus aonaid chomhraic de chuid Óglaigh na hÉireann. íirítear san oiliúint cúrsaí gairme, tacaíocht d’armáin choisithe, cúrsaí don bhainistíocht shinsearach agus oiliúint thar lear.

Tá an Coláiste Míleata comhdhéanta de cheithre Scoil.

  • An Scoil Ceannais agus Foirne
  • An Scoil Coisithe
  • Scoil na nDaltaí
  • Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe in Éirinn

Scoileanna eile an Choláiste Míleata

  • An Scoil Airtléire
  • An Scoil Mharcra
  • An Scoil Riaracháin Mhíleata
  • Scoil Chorpoideachais Óglaigh na hÉireann