We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Preasráiteas, Déardaoin, an 13 Eanáir 2026 Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí) [LCF Oib.] nua ceaptha ar Óglaigh na hÉireann An Maorghinearál John Whittaker

Tá an Maorghinearál John Whittaker ceaptha ina Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí) ag an Aire Cosanta agus ag an Rialtas. I mbun an chúraim seo, beidh an Maorghinearál John Whittaker freagrach as feidhmeanna maidir le héifeachtúlacht troda, traenáil, eagar, dáileadh trealaimh agus pleanáil oibríochta in Óglaigh na hÉireann.

Is oifigeach gairmiúil Coisithe agus Fórsaí Speisialta an Maorghinearál John Whittaker a bhfuil taithí 39 mbliana aige i gceapacháin éagsúla thar sáile agus in Éirinn, mar a bhfuil sé ag fónamh faoi láthair ina Stiúrthóir Traenála agus Oideachais. Bhí an Maorghinearál John Whittaker freagrach i mbun an chúraim sin as an bpolasaí traenála a fhorbairt i gcomhréir leis an meon teagaisc reatha, as gach beart traenála agus oideachais ar fud Óglaigh na hÉireann a chur i gcomhord, agus as monatóireacht a dhéanamh ar na caighdeáin a bhaintear amach ionas go gcinntítear acmhainn oibríochta, éifeachtúlacht agus críochnúlacht ar na leibhéil is airde.

I mí Iúil 2024 a ceapadh an Maorghinearál Whittaker ina Stiúrthóir Traenála agus Oideachais agus rinne sé fónamh roimhe sin ina Stiúrthóir Caidrimh Phoiblí, ina Stiúrthóir Iompair agus ina Cheannfort ar an gColáiste Míleata agus ina Oifigeach i gCeannas ar an 6ú Cathlán Coisithe i nDún Chostúim, Baile Átha Luain. Rinne an Maorghinearál John Whittaker fónamh thar sáile ina Leas-Cheannasaí ar an Earnáil Thiar le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin agus ina Oifigeach Sinsearach de chuid na hÉireann le Misean Oiliúna AE i Mailí agus le KFOR sa Chosaiv. Bhí an Maorghinearál John Whittaker ar fianas thar sáile ar ceithre fheachtas le UNIFIL sa Liobáin Theas, ar fheachtas le Sciathán Fiannóglaigh an Airm go dtí an Tíomór Thoir le INTERFET agus ina Cheannasaí ar an gcéad Bhuíon Chatha AE de chuid na hÉireann, BC AE-NORDACH.

Is céimí de chuid na Scoile Ceannais agus Foirne an Maorghinearál John Whittaker a bhfuil cáilíochtaí iarchéime mar seo a leanas gnóthaithe aige: Máistreacht sna Dána i bhForbairt Ceannaireachta agus Léann na Cosanta ó Ollscoil Mhá Nuad, Máistreacht Eolaíochta i gCeannaireacht Acmhainní Daonna ó Ollscoil Sheffield Hallam agus Ard-Dioplóma i gCeannaireacht agus i gCóitseáil Feidhmeannaigh ó Kingston College. As Contae Chorcaí ó dhúchas an Maorghinearál John Whittaker atá pósta le Catherine agus beirt chlainne orthu; Eoin agus Cian. Tá cónaí anois orthu i gConamara, Co. na Gaillimhe.

Críoch.