Ceapachán an Ghinearail Cheannais ar DFTC
Tá an Briogáidire-Ghinearál Louis Flynn ceaptha ag an Aire Cosanta agus ag an Rialtas mar an ginearál-oifigeach ceannais nua ar Ionad Oiliúna na bhFórsaí Cosanta.
Is as Contae Bhaile Átha Cliath ó dhúchas é an Briogáidire-Ghinearál Flynn; is Oifigeach Coisithe gairmiúil é a bhfuil breis agus 38 bliain de thaithí aige i róil éagsúla laistigh de na Fórsaí Cosanta, chomh maith le tréimhsí seirbhíse thar lear leis na Náisiúin Aontaithe, le NATO agus leis an Aontas Eorpach. Bhí an Briogáidire-Ghinearál Flynn i mbun réimse leathan post le linn a ghairme, idir róil oibríochtúla agus róil cheannais. D’fhóin sé mar Oifigeach Feidhmiúcháin agus mar an Dara i gCeannas (2I/C) ar Ionad Oiliúna na bhFórsaí Cosanta, mar Cheannasaí ar Scoil an Cheannais agus na Foirne, mar Stiúrthóir ar an mBrainse Oiliúna agus Cúltaca (J7), agus mar Cheannasaí ar Scoil Oiliúna na Náisiún Aontaithe in Éirinn (UNTSI). Bhí roinnt post ceannais aige, lena n-áirítear Oifigeach Ceannais ar Sciathán na Reangairí Airm (Army Ranger Wing) agus Oifigeach Ceannais ar an 59ú Grúpa Coisithe (UNDOF) sa tSiria. Áirítear ar a thaithí thar lear tréimhsí seirbhíse iomadúla sa tSiria, sa Libéir, sa Liobáin, sa Chosóvó agus i Sáhara an Iarthair. D’fhóin sé freisin i roinnt post sinsearach foirne, mar Chúntóir Míleata don Cheannasaí Oibríochtúil do mhisean EUFOR Chad RCA idir 2007 agus 2009, agus mar Phríomhoifigeach CJ-2 sa Ghrúpa Catha faoi cheannas na Gearmáine (EUBG 2016-2). Is céimí le honóracha de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (BSc sa Bhainistíocht) é an Briogáidire-Ghinearál Flynn, agus tá céim Mháistreachta sa Cheannaireacht, sa Bhainistíocht agus i Léann na Cosanta (MALMDS) aige ó Ollscoil Mhá Nuad. Is céimí de chuid Scoil an Cheannais agus na Foirne de chuid na bhFórsaí Cosanta é freisin. Tá cónaí ar an mBriogáidire-Ghinearál Flynn anois i Droichead Nua lena bhean chéile, Sharon, agus tá beirt mhac aige, Andrew agus Daniel.