We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Boinn Seirbhíse Dearscna le Bronnadh

Ar an 15 Lúnasa 2024, ag príomhgheata Dhún Uí Mhaoilíosa, bhí an tAthair Paul Murphy ag filleadh ar an mbeairic ina fheithicil.

Rinne ionsaitheoir ar an Athair Murphy, ag ligean air féin go raibh cúnamh de dhíth air, agus, ar fhuinneog an chairr a ligean anuas, ionsaíodh an tAthair Murphy le scian. Chuir an Saighdiúir Singil Ciara Shanahan, ar dualgas geata, Garda na Beairice ar an eolas ar an toirt agus lean ansin ag triáil an t-ionsaitheoir a chosc, agus í féin gan arm. Rinne an Ceannasaí Garda, an Ceannaire Daniel Padden in éineacht leis an Saighdiúir Singil Dylan Geraghty, duine eile de Gharda na Beairice, beart go tapaidh trí fhógraí rabhaidh a thabhairt ó bhéal, agus urchair rabhaidh a scaoileadh ina dhiaidh sin, sula ndeachaigh an Saighdiúir Singil Geraghty i ngleic leis an ionsaitheoir gur mhaolaigh an baol don Athair Murphy tráth ar fhan an Ceannaire Padden in ordú cosanta, ullamh le treisiú leis an bhfórsa dá mbeadh call leis sin. Ag an am céanna, tháinig daoine eile de na hÓglaigh i láthair, chuir cóir leighis go luath tráthúil ar an Athair Murphy, theanntaigh an t-ionsaitheoir, chuir fios ar na Gardaí agus chaomhnaigh an láthair.

Le bearta luatha calma na ndaoine seo d’Óglaigh na hÉireann, cinntíodh nár tharla bás aon duine agus léiríodh crógacht agus gairmiúlacht faoi leith nuair ba dhéine agus ba ghéire an cás. Mar gheall ar na bearta a rinne siad, bronnfar bonn ar thriúr den lucht dualgais:

  • An Ceannaire Daniel Padden, an Bonn Seirbhíse Dearscna le Gradam
  • An Saighdiúir Singil Dylan Geraghty, an Bonn Seirbhíse Dearscna le hOnóir
  • An Saighdiúir Singil Ciara Shanahan, an Bonn Seirbhíse Dearscna le Tuillteanas

Ar an gceathrú duine, mar gheall ar sheirbhís dhearscna ag eascairt ó ionsaí dian air féin agus mar gheall gurbh é Meon Óglaigh na hÉireann i gcolainn dhaonna é ina dhiaidh sin, bronnfar bonn mar seo a leanas:

An tAthair Paul Murphy, an Bonn Seirbhíse Dearscna, le Tuillteanas.

Deir an Ceann Foirne, an Leifteanant-Ghinearál Rossa Murphy, maidir le bronnadh na mbonn: “Is cóir an t-aitheantas, atá tuillte go maith ag an gceathrar seo d’Óglaigh na hÉireann, an Bonn Seirbhíse Dearscna a bhronnadh orthu mar gheall ar a gcuid crógachta, a gcuid gairmiúlachta agus a dhaingne a sheas siad in aghaidh ionsaí le foréigean a rinneadh ar an Athair Paul Murphy.

Is eiseamláir maidir le sárchaighdeáin Óglaigh na hÉireann gach gníomh dá ndearna siad. Tráth bagartha agus contúirte, rinne siad bearta críochnúla, gan bheann ar a leas féin agus le haird go hiomlán ar bheatha an duine a chaomhnú. Is maith an teist toradh na heachtra seo ar an diantraenáil, ar an toilsmacht agus ar an meon intinne a chothaítear i ngach Óglach ar feadh a ré gairme.

Táim thar a bheith mórtasach as na saighdiúirí seo. Is ábhar bróid a gcuid beartaíochta freisin don aonad lena mbaineann siad, An Chéad Chathlán Coisithe, agus d’Óglaigh na hÉireann ar fad, chomh maith leis an muinín a neartú a chuireann na daoine a ndéanaimid freastal orthu ionainn.

An tAire Cosanta, Helen McEntee Uasal, a bhronnfaidh na Boinn Seirbhíse Dearscna an mhí seo chugainn ag searmanas i nDún Uí Mhaoilíosa. Cuireadh chuig an ócáid do lucht na Meán Cumarsáide le theacht.

Críoch.