We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See ourĀ Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

2025

Cleachtadh Casta Muirí Frithsceimhlitheoireachta déanta ag Óglaigh na hÉireann

Ráiteas do na Meáin: Dé hAoine an 30 Iúil 2021, 12.15pm Maidin inné, thug Óglaigh na hÉireann faoi chleachtadh casta gar do Chalafort Bhaile Átha Cliath. Ba é Sciathán Fiannóglach an Airm, Tascghrúpa Oibríochtaí Speisialta Óglaigh na hÉireann, a bhí i gceannas ar an gcleachtadh muirí frithsceimhlitheoireachta comhoibríochtaí, le tacaíocht ón Aerchór agus ón tSeirbhís Chabhlaigh le gné Ceannais agus Rialaithe (C2) ó Cheanncheathrú Óglaigh na hÉireann. Ba í acmhainneacht Óglaigh na hÉireann maidir le ceannas agus rialú, cumarsáid, faisnéis agus bailiú faireachais a bhí á tástáil leis an gcás a bhí faoi stiúir na bhFórsaí Oibríochtaí Speisialta. D'éirigh le Sciathán Fiannóglach an Airm baill d'fhoirne ionsaithe a imlonnú de mhuir agus d'aer ar bhád farantóireachta Stena, agus d'éirigh leo an t-árthach a dhaingniú de réir mar a tháinig sé i dtreo Chalafort Bhaile Átha Cliath. Bhí ról ag LÉ James Joyce agus CASA an Aerchóir i ndáil leis an mBád Farantóireachta a aimsiú agus a rianú, agus faireachas a chur ar fáil uirthi. Chuaigh foirne ionsaithe Sciathán Fiannóglach an Airm ar bord an Bháid Farantóireachta ó Héileacaptair AW139 agus ó Bháid Righin Inséidte ag an am céanna sular dhaingnigh siad an t-árthach. De bharr nádúr dian an, chleachtaidh a raibh an-bhrú ag baint leis, bhí ar phearsanra aghaidh a thabhairt ar thimpeallacht réalaíoch oiliúna ina raibh leibhéal an-ard saineolais, cruinnis agus scile ag teastáil. Ba mhaith le hÓglaigh na hÉireann buíochas a ghabháil le Stena Line as an gcúnamh ar fad a thug siad chun an cleachtadh casta seo a éascú.
BG Sean White)

Ceapachán Oifigigh Éireannaigh Shinsearaigh don Stiúrthóireacht um Chumarsáid, Córais Eolais agus Cibearchosaint (Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh) fógartha ag Óglaigh na hÉireann.

Tá sé fógartha ag Óglaigh na hÉireann inniu gur ceapadh Briogáidire-Ghinearál Seán White ina Stiúrthóir Cumarsáide, Córas Eolais & Cibearchosanta ar Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh (EUMS) laistigh den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí sa Bhruiséil. Tabharfaidh sé faoina cheapachán le héifeacht ón 1 Lúnasa 2021. Beidh freagracht ar Bhriogáidire-Ghinearál White as beartais agus coincheapa a fhorbairt maidir le córais Cumarsáide/Eolais mhíleata (CIS) agus Cibearchosaint, a bhfuil Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an AE mar bhonn taca leo. Is éard a bheidh i gceist lena ról mar Stiúrthóir Brainse ná ceannaireacht a thabhairt don fhoireann a chuireann saineolas CIS agus cibearshaineolas ar fáil, ní hamháin don EUMS, ach chun tacú le Misin agus Oibríochtaí uile an AE chomh maith. Is Oifigeach Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais é Briogáidire-Ghinearál White agus tá breis agus 35 bliain seirbhíse curtha isteach aige le hÓglaigh na hÉireann agus is iomaí ceapachán a bhí aige in Éirinn agus thar lear i róil mhíleata éagsúla. Sa bhaile, bhí ceapacháin Foirne agus Cheannais aige i gCeanncheathrú Óglaigh na hÉireann sna réimsí CIS, Airgeadas agus Soláthar Seirbhísí Leighis. Chomh maith leis sin, d'fhóin sé ar mhisin thar sáile sa Liobáin (UNIFIL), sa tSomáil (UNOSOM), sa Chosaiv (KFOR) agus i Sead (EUFOR TChad/RCA). Cuireadh oideachas ar an mBriogáidire-Ghinearál White i gColáiste Chnoc an tSamhraidh, Sligeach. Tá Céim Mháistreachta aige i mBainistíocht Faisnéise agus Teicneolaíocht ón United Kingdom Defence Academy (Ollscoil Cranfield), Céim Mháistreachta i gCeannaireacht, Bainistíocht agus Léann Míleata mar aon le hArd-Dioplóma i mBainistíocht Faisnéise agus Teicneolaíocht ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Tá céim Baitsiléir Eolaíochta aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chomh maith, agus cáilíochtaí Cosanta Sonraí ó Dhlí-Chumann na hÉireann agus ó Óstaí an Rí. Is as Droim Chliabh, Co. Shligigh an Briogáidire-Ghinearál White ó dhúchas agus tá cónaí anois air i gCo. Chill Dara lena bhean Clare agus lena triúr clainne atá fásta. Tá spéis aige i stair áitiúil, cnocadóireacht, rothaíocht agus gluaisrothaíocht. CRÍOCH