Ceapachán Leas-Cheann Foirne nua na bhFórsaí Cosanta (ACOS)
Tá an Briogáidire-Ghinearál Neil Nolan ceaptha ag Óglaigh na hÉireann mar ACOS nua.
Tá an Briogáidire-Ghinearál Neil Nolan ceaptha ina Leas-Cheann Foirne ag an Aire Cosanta agus Rialtais. As Contae an Chláir ó dhúchas é an Briogáidire-Ghinearál Nolan, agus is oifigeach coisithe gairmiúil é a bhfuil breis agus 35 bliain de thaithí aige i réimse rólanna ar fud Óglaigh na hÉireann chomh maith le himscaradh leis na Náisiúin Aontaithe, NATO agus an AE. Ba é ceapachán is déanaí an Bhriogáidire-Ghinearál Nolan ná Stiúrthóir ar oifig Dearadh Fórsa an Airm agus é freagrach as pleanáil agus dearadh struchtúr agus cumais an Airm amach anseo. Roimh a ról reatha, bhí sé ina Stiúrthóir Coisithe sna Fórsaí Cosanta. D'fhóin an Briogáidire-Ghinearál Nolan i gceapacháin cheannais lena n-áirítear an 2ú Cathlán Coisithe, an 5ú Cathlán Coisithe agus an 28ú Cathlán Coisithe. D'fhóin sé freisin mar Oifigeach Preasa sna Fórsaí Cosanta agus mar Oifigeach Feidhmiúcháin ar Bhrainse na nAcmhainní Daonna. Áirítear ar a thaithí thar lear imscaradh chuig an Liobáin, Sead, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus an Chosaiv. I measc cháilíochtaí oideachais an Bhriogáidire-Ghinearál Nolan tá Baitsiléir Tráchtála ó OÉ Gaillimh, MA i gCeannaireacht, Bainistíocht & Staidéar Cosanta ó Ollscoil Mumbai, MSc i gCeannaireacht AD, Dioplóma san Athrú agus sa Chlaochlú agus Dioplóma Gairmiúil i bhForbairt Straitéise & Nuálaíocht ó Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit, UCD. Is céimí de Chúrsa Ceannais & Foirne Óglaigh na hÉireann é. Tá an Briogáidire-Ghinearál Nolan pósta le June agus tá leanbh amháin acu, Liam.