We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Athbhreithniú an Aire ar an 124ú Cathlán Coisithe, Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) sula n-imscarfar iad chun na Liobáine

Rinne an Tánaiste agus an tAire Cosanta, an tUasal Micheál Martin T.D., in éineacht le Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanantghinearál Seán Clancy, léirbhreithniú ar fhir agus ar mhná an 124ú Cathlán Coisithe sula n-imíonn siad ar imscaradh chun na Liobáine ar feadh sé mhí mar chuid d'Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).

Imscarfar an 124ú Cathlán Coisithe chuig limistéar oibríochta UNIFIL le trí chéad ceathracha a haon (341) pearsanra, (naonúr (9) Máltach, trí chéad tríocha a dó (332) Éireannach). Imscarfar an 124ú Cathlán Coisithe chun na Liobáine ar bhonn uainíochta agus in ionad an 123ú Cathlán Coisithe. 

 

Cuirfidh an 124ú Cathlán Coisithe tús ansin le hoibríochtaí mar chuid de chathlán ilnáisiúnta, ina bhfuil pearsanra as Éirinn, as Málta, as an bPolainn agus as an Ungáir, ar a dtugtar IRISHPOLBATT orthu ar fad. Tacóidh IRISHPOLBATT le sainorduithe an UNIFIL i gcomhréir le Rún 1701 (2006) Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) agus le UNSCR 2650 (2022).