We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Imscaradh Árthach na Seirbhíse Cabhlaigh chuig OIBRÍOCHT IRINI EUNAVFORMED (ENFM) fógartha ag Óglaigh na hÉireann         Imscaradh Árthach na Seirbhíse Cabhlaigh chuig OIBRÍOCHT IRINI EUNAVFORMED (ENFM) fógartha ag Óglaigh na hÉireann

The Defence Forces welcomes the news today of the Cuireann Óglaigh na hÉireann fáilte roimh nuacht an lae inniu faoi chinneadh an Rialtais, ag brath ar chead ó Dháil Éireann, árthach de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh a imscaradh chuig OIBRÍOCHT IRINI EUNAVFORMED (ENFM) i Meitheamh agus Iúil na bliana 2023.

Aithníodh an LÉ WILLIAM BUTLER YEATS mar an fhoireann Acmhainní Cabhlaigh atá le himscaradh don Oibríocht seo. Cuirfidh an criú tús anois le tréimhse oibre d’fhonn a bheith faoi réir don mhisean.

Cuirfear de chúram ar an LÉ WILLIAM BUTLER YEATS na hoibríochtaí Faisnéise, Faireachais agus Taiscéalaíochta a dhéanamh agus chomh maith leis sin obair a dhéanamh sna hoibríochtaí maidir le Báid Inséidte Cabhail Dhocht ar bhonn rialta, oibríocht a bhfuil Cabhlach na hÉireann breá ábalta tabhairt fúithi ón taithí a bhí acu san Aigéan Atlantach Thoir Thuaidh. 

Chuir Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, fáilte roimh an bhfógra sin agus dúirt sé:

“Nuair a imscarfar an LÉ WILLIAM BUTLER YEATS ar OP IRINI, beidh pearsanra sároilte cumasach ar fáil don oibríocht a bhfuil taithí acu ar Oibríochtaí Cosanta agus Slándála Muirí (MDSO) ar fud fhearann mara na hÉireann agus ar mhisin thar lear roimhe seo  - OP PONTUS agus SOPHIA."

 

Dúirt sé chomh maith,

“Tá an t-imscaradh seo ríthábhachtach chun Cabhlach na hÉireann a athbheochan agus tá ceangal díreach aige lenár n-iarrachtaí chun foireann a earcú agus a choinneáil agus oibríochtaí farraige a spreagadh.”

 

Dúirt Michael Malone, an Brat Oifigeach i gCeannas na Seirbhíse Cabhlaigh:

“Tá uaillmhianta againn an tSeirbhís Cabhlaigh a mhéadú mar atá leagtha amach i dtuarascáil an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann, agus leis an imscaradh seo tá deis ann forbairt a dhéanamh ar an taithí atá bainte amach ar mhisin mhuirí thar lear roimhe seo. Tá taithí ríthábhachtach ag na mairnéalaigh don oibríocht seo ach is ról oibríochta dinimiciúil atá fós i gceist.”

 

CRÍOCH