We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Filleadh an L.É. William Butler Yeats (P63) ó Imscaradh ar Oibríocht EUNAVFOR MED Irini

Tháinig an L.É. William Butler Yeats agus foireann na loinge ar ais ar maidin (Dé Domhnaigh, an 30 Iúil 2023) go Bunáit an Chabhlaigh, Inis Sionnach, Co. Chorcaí tar éis sé seachtaine ar imscaradh le hOibríocht EUNAVFOR MED Irini sa Mheánmhuir.

Bhí an L.É. William Butler Yeats faoi mháistreacht an Leifteanaint-Cheannasaí Alan Flynn agus chuaigh sí ar imscaradh Déardaoin, an 15 Meitheamh, mar ghné de chion na hÉireann maidir leis an Oibríocht EUNAVFOR MED Irini.

Sonraí faoin bhfoireann:

Foireann 57 duine (52 fear, 5 bean) ar bord.

Bhí roinnt den fhoireann a raibh baint acu le himscaradh roimhe seo (Oib PONTUS agus Oib SOPHIA) ach ba é seo an chéad imscaradh thar lear ag mórchuid lucht na foirne.

Bearta Faisnéise, Faireachais agus Taiscéalaíochta (ISR) a leagadh de chúram ar an long i rith thréimhse imscartha sé seachtaine, chomh maith le hoibríochtaí Bád Cabhail Righin Inséidte (RHIB).

Róil Phríomhthábhachta maidir le hOibríocht IRINI:

1. Gáinneáil ar airm a chosc laistigh den Limistéar Oibríochtaí i gcomhréir le Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) agus le Rúin a glacadh ina dhiaidh sin maidir leis an trádbhac arm ar an Libia, lena n-áirítear Rún 2292 (2016) agus Rún 2473 (2019) ó CSNA.

2. Cuidiú le cur chun feidhme bhearta na Náisiún Aontaithe chun onnmhairiú aindleathach peitriliam ón Libia a chosc i gcomhréir le Rún 2146 (2014) ó CSNA agus le rúin a glacadh ina dhiaidh sin, go háirithe Rún 2509 (2020) ó UNSC agus Rún 2510 (2020) ó CSNA.

Tá taithí shuntasach gnóthaithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh trí pháirt i misin roimhe seo, eadhon, OIB PONTUS (2015-2017) agus ENFM OIB SOPHIA (2018).

D'fhill an long ar an mbunáit agus b'ábhar bróid dá gcuid gaolta lucht na foirne a bheith ar ais in éineacht leo agus bonn síochánaíochta na hÉireann á bhronnadh orthu.