We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Ráiteas Óglaigh na hÉireann - Dé Sathairn 17 Nollaig - An tEolas is Déanaí ar chúrsaí sa Liobáin

Ráiteas Óglaigh na hÉireann - Dé Sathairn 17 Nollaig - An tEolas is Déanaí ar chúrsaí sa Liobáin. Is féidir le hÓglaigh na hÉireann a dheimhniú go bhfuil an bheirt (2) saighdiúirí, a bhí sa chonbhua Dé Céadaoin an 14 Nollaig agus a bhain mionghortuithe dóibh, anois scaoilte amach as an ospidéal agus tá siad slán sábháilte ar ais in UNP 2-45 (Campa Seamróige na hÉireann). Is féidir le hÓglaigh na hÉireann a dheimhniú freisin go bhfuil aerárthach CASA de chuid Aerchóir réamhlonnaithe i Málta mar theagmhas chun tacaíocht a chur ar fáil don 121ú Cathlán Coisithe más gá.