We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

An Eolas is Déanaí ó Óglaigh na hÉireann - Corp an tSaighdiúra Shingil Seán Rooney tagtha chuig Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill Dé Luain an 19 Nollaigdonnel

Is féidir le hÓglaigh na hÉireann a dheimhniú go bhfuil corp an tSaighdiúra Shingil Seán Rooney tagtha as Aerfort Bhéiriút go hAeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill, Co. Bhaile Átha Cliath ar maidin thart ar 08.30 am.

Tugadh corp an tSaighdiúra Shingil Rooney abhaile ón Liobáin ar aerárthach CASA de chuid Aerchór na hÉireann agus bhí roinnt dá chomhghleacaithe ón 121ú Cathlán Coisithe, a cheannasaí complachta ina measc, in éineacht leis ar an eitilt.

Tugadh príobháideachas don teaghlach leis an gcorp i mBaile Dhónaill agus rinneadh seirbhís ghearr paidreoireachta sular fhág an corp Baile Dhónaill leis na Gardaí á thionlacan.

Meabhraítear do na meáin chumarsáide uile meas a bheith acu ar phríobháideachas mhuintir Rooney ag an am fíordheacair seo.