An Dochar Bainte as Gránáid ag Foireann Diúscartha Buamaí
13 Bealtaine 2020, 2300
Tráthnóna, ar iarratas ón nGarda Síochána, leagadh ar Mheitheal Diúscartha Buamaí an Airm gránáid a raibh amhras faoi ag Droichead Chrois Araild, Baile Átha Cliath a scrúdú. Bhí an fhoireann ar an láthair ag 8.30pm nó mar sin.
Dhún an fhoireann an limistéar timpeall ar an láthair fad is a bhí an fhoireann i mbun oibre. Measadh gur gránáid Mills ó ré Chogadh na Saoirse a bhí ann agus baineadh an dochar aisti ar an láthair. D'fhág an fhoireann an láthair ag 10.30pm nó mar sin.
Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar nithe a bhfuil amhras fúthu nó ar shubstaintí guaiseacha, moltar dóibh fanacht glan orthu agus an Garda Síochána a chur ar an eolas fúthu.