We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Dhá Ghaireas Phléascacha Seiftithe Inmharthana

9.10in - Déardaoin an 20ú Nollaig 2018

Tráthnóna aréir, ar iarratas a fháil ón nGarda Síochána, thug Meitheal Diúscartha Buamaí an Airm dhá (2) ghaireas phléascacha seiftithe inmharthana (IEDanna) as teach i nDroichead Átha.

Bhí Meitheal Diúscartha Buamaí an Airm ar an láthair ag 6.00pm agus chun sábháilteacht an phobail a chinntiú, dúnadh an limistéar agus folmhaíodh tithe in aice láimhe fad a bhí an oibríocht ar bun. Thángthas ar dhá IED inmharthana, baineadh an dochar astu agus tugadh chun bealaigh iad lena n-imscrúdú ag teicneoirí. Fógraíodh an áit slán sábháilte ag 9.00pm agus d’fhág an fhoireann an láthair.

Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar mhuinisean den sórt sin, nó ar ábhar a mbeadh amhras orthu faoi, moltar dóibh fanacht glan air agus fios a chur ar an nGarda Síochána.

Baineann glaonna eile a fhaigheann an tArm leis na nithe seo a leanas a scriosadh: gnáthmhuinisean mar shean-ghránáidí a dtagann an pobal orthu, ceimiceáin éagobhsaí, agus gairis amhrastacha a bhfaightear amach gur gairis bhréige iad.

Is féidir le grianghraif comhad foirne Diúscartha Buama a fheiceáil ar ár Flickr Channel


Dáta an Phreasráitis: Déardaoin an 20ú Nollaig 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach