We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

An Bonn Míleata Calmachta

Eolas faoin mbonn

I 1944 tugadh isteach bonn ar a tugadh “An Bonn Míleata Calmachta”. Is féidir an bonn seo a bhronnadh ar oifigigh, ar oifigigh neamhchoimisiúnaithe agus ar shaighdiúirí singil de chuid Óglaigh na hÉireann agus ar chomhaltaí Seirbhísí Altranais agus Séiplíneachta an Airm mar aitheantas ar aon léiriú misnigh nó calmachta as cuimse (seachas ceann a rinneadh ar sheirbhís chogaidh) ag eascairt as, nó a bhain le, seirbhís in Óglaigh na hÉireann lenar bhain bagairt ann do shaoil agus do ghéa

Aicmí Bronnta

Is féidir an bonn a bhronnadh sna haicmí seo a leanas:-

  1. le hOnóir;
  2. le Gradam;
  3. le Tuillteanas.

Barra a chur le Bonn

Ní bhronnfar an bonn i gceann ar bith de na haicmí thuas luaite ach uair amháin ar aon duine amháin, ach is féidir barra ar bhonn san aicme sin a bhronnadh ar gach léiriú a bheadh dóthanach le dámhachtain eile san aicme chéanna a thuilleamh.

An Bonn Míleata Calmachta

info_medals_mmg_honour
An Bonn Míleata Calmachta Le hOnóir
info_medals_mmg_dist_en
An Bonn Míleata Calmachta Le Dearscnacht
info_medals_mmg_merit_en_01
An Bonn Míleata Calmachta Le Tuillteanas

Faighteoirí an Bhoinn

Céim Ainm Misin Aicmí
Tpr Anthony Brown Chongó - ONUC Dearscnacht
Capt Adrian Ainsworth Liobáin - UNIFIL Dearscnacht
Lt Anthony Bracken Liobáin - UNIFIL Dearscnacht
Cré Michael Jones Liobáin - UNIFIL Dearscnacht
SS Michael John Daly Liobáin - UNIFIL Dearscnacht
Cft Michael Lynch Liobáin - UNIFIL Dearscnacht
SS Paul Coventry Liobáin - UNIFIL Tuillteanas
SS Thomas Metcalfe Éire Tuillteanas