We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Na Róil atá ag Fórsa Cúltaca an Airm

Téann Fórsa Cúltaca an Airm i mbun traenála chun tacú le Buan-Óglaigh na hÉireann i gcásanna géarchéime, agus in amanna eile chomh maith. Faigh amach mar a bhímid ag traenáil dár gcuid oibre.

Is iad rólanna na nÓglach Cúltaca na rólanna sin a shanntar ar Óglaigh na hÉireann:

  • Cosaint in aghaidh fogha armtha
  • Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta
  • Rannpháirtíocht in Oibríochtaí Tacaíochta Síochána
  • Cosaint Iascaigh
  • Dualgais eile a d’fhéadfadh an Rialtas a shannadh

Sanntar tascanna ar na hÓglaigh Chúltaca chun tacú leis na Buan-Óglaigh na rólanna sin a chomhlíonadh. Áirítear orthu sin:

  • Breisiú/athneartú na Buan-Óglach
  • Soláthar tacaíochta loighistice
  • Soláthar coimhdeachta armtha
  • Breisiú na Seirbhíse Cabhlaigh ar phatróil chosanta iascaigh
  • Soláthar Foirne i bPoist Mhíleata le linn tréimhsí imscartha na mBuan-Óglach
  • Monatóireacht Raideolaioch
  • Dualgais Shearmanais ag imeachtaí náisiúnta agus áitiúla.