An tSeirbhís Chabhlaigh
Is í an tSeirbhís Chabhlaigh an phríomhghníomhaireacht mhuirí atá ag an Stát agus cúram ginearálta uirthi freastal ar riachtanais theagmhasachta agus fhíora na cosanta mara. Tá réimse de róil chosanta agus eile mar dhualgas uirthi.
An tSeirbhís Chabhlaigh
Is í an tSeirbhís Chabhlaigh an phríomhghníomhaireacht mhuirí atá ag an Stát agus cúram ginearálta uirthi freastal ar riachtanais theagmhasachta agus fhíora na cosanta mara. Tá réimse de róil chosanta agus eile mar dhualgas uirthi. Airithe ar na róil chosanta sin tá cosaint na bhfarraigí teorann, cosc a chur le bearta ionsáiteacha nó ionsaitheacha, faireachas a dhéanamh ar muir, láithreachas armtha cabhlaigh a choinneáil, ceart gluaiseachta a chinntiú, cosaint a thabhairt d’acmhainní mara agus cuidiú le himshuí más gá. Ní mór don tSeirbhís Chabhlaigh freisin a bheith ábalta cuidiú le hoibríochtaí Airm ar muir trí iompar farraige agus le dlúth-thacaíocht chabhlaigh a sholáthar.
Eagraíocht na Seirbhíse Cabhlaigh
Ceanncheathrú na Seirbhíse Cabhlaigh
Tá an Ceanncheathrú Cabhlaigh (NHQ) lonnaithe in éineacht leis na hOibríochtaí Cabhlaigh agus le Ceannasaíocht Tacaíochta na Seirbhíse Cabhlaigh ar Inis Sionnach i gCuan Chorcaí. As an NHQ a fheidhmíonn an Brat-oifigeach i gCeannas na Seirbhíse Cabhlaigh (FOCNS) agus tá céim Ceannasóra ag an té sin.
Ceannasaíocht Oibríochtaí an Chabhlaigh
Tá dualgas ar Cheannasaíocht Oibríochtaí an Chabhlaigh stiúradh a dhéanamh ar oibríochtaí na Seirbhíse Cabhlaigh go hiomlán ar uisce agus ar tír, oibríochtaí longa na Seirbhíse Cabhlaigh san áireamh. An tOifigeach i gCeannas Cheannasaíocht na nOibríochtaí Cabhlaigh (OCNOC), ag tuairisciú don FOCNS, a bhíonn i gceannas na n-acmhainní oibríochta atá ag an tSeirbhís Chabhlaigh, ar uisce agus ar tír araon.
Ceannasaíocht Tacaíochta na Seirbhíse Cabhlaigh
Tá sé de dhualgas ar Cheannasaíocht Tacaíochta na Seirbhíse Cabhlaigh tacú leis an tSeirbhís Chabhlaigh ar uisce agus ar tír. An tOifigeach i gCeannas Cheannasaíocht Tacaíochta na Seirbhíse Cabhlaigh (OCNOC), ag tuairisciú don FOCNS, a bhíonn i gceannas an Phearsanra, na Lóistíochta agus na n-acmhainní tacaíochta Teicniúla sa Bhunáit Chabhlaigh, chun a chur ar chumas na Seirbhíse Cabhlaigh a dualgais Oibríochta agus Traenála a chur i gcrích.
Coláiste na Seirbhíse Cabhlaigh
Tá Coláiste na Seirbhíse Cabhlaigh freagrach as an traenáil ar gach pearsanra sa tSeirbhís Chabhlaigh. Tuairiscíonn Ceannasaí Choláiste na Seirbhíse Cabhlaigh go díreach don FOCNS faoi gach ní a bhaineann le traenáil na Seirbhíse Cabhlaigh.