An Cór Liachta
Tá an Cór Leighis freagrach as sláinte agus folláine phearsanra Óglaigh na hÉireann.
Misean
Is é misean an Aonaid Leighis Láir comhordú agus soláthar tacaíochta leighis, fiaclóireachta agus cógaisíochta a chinntiú do na Fórsaí Cosanta agus iad i mbun a róil. Comhlíonann an tAonad Leighis Láir an misean seo trí chumas leighis a choinneáil ar féidir a imscaradh le solúbthacht agus idir-inoibritheacht sa bhaile agus thar lear; ullmhacht leighis, sláinte agus folláine phearsanra na bhFórsaí Cosanta a uasmhéadú; agus cúram sláinte ardchaighdeáin, éifeachtúil agus éifeachtach a bhainistiú agus a sheachadadh.
Spriocanna Straitéiseacha
- Chun cumas leighis a choinneáil ar féidir a imscaradh go solúbtha agus atá idir-inoibritheach sa bhaile agus thar lear.
- Chun ullmhacht leighis, sláinte agus folláine phearsanra Óglaigh na hÉireann a uasmhéadú.
- Cúram sláinte ardchaighdeáin, éifeachtúil agus éifeachtach a bhainistiú agus a sholáthar.