We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

MAINBANNER 2

An Cór Iompair

Go sonrach, déanann an Cór Iompair feidhmeanna lóistíochta maidir le bogadh, socrú agus breosla a chumhdach chun gach gné d'oibríochtaí míleata a chlúdach

An Cór Iompair atá freagrach as soláthar, bainistiú agus cothbháil a dhéanamh ar na feithiclí bogchraicneacha ar fad atá i seilbh Óglaigh na hÉireann mar aon le cothabháil a dhéanamh ar na feithiclí armúrtha ar fad.

An Cór atá freagrach freisin as tiománaithe a thraenáil, a thástáil agus a dheimhniú chomh maith le cothabháil a dhéanamh ar chaighdeáin tiomána agus breoslaí, olaí, agus ábhair bhealaidh na bhfeithiclí a sholáthar.

Cuireann an Cór Iompair cumas iompair tromghléasra ar fáil d'Óglaigh na hÉireann.

An Complacht Iompair Machaire

Cuireann an complacht iompair machaire iompar dara líne ar fáil don bhriogáid choisithe. Cuireann an complacht soláthairtí:

  • POL
  • armlón agus ciondálacha. 

Ina theannta sin, cuireann an complacht cothabháil iompair, deisithe agus aisghabhála dara lÁne ar fáil d’aonaid na briogáide.