We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Armáin ag Leibhéal Cathláin

In Arm na hÉireann is éard is cathlán ann ná aonad comhraic coisithe. Tá an Cathlán faoi cheannas Leifteanantchornail agus tá sé comhdhéanta de 3 Chomplacht Muscaed, Complacht Ceanncheathrún agus Complacht Tacaíochta. Tá na harmáin throma a dteastaíonn ón gCeannasaí Cathláin chun tacú leis na Complachtaí Muscaed agus chun an misean Cathláin a chomhlíonadh ag an gComplacht Tacaíochta. Tá an Complacht Tacaíochta comhdhéanta de Bhuíon Innealghunna Trom (HMG), Buíon Mhoirtéir 81mm agus Buíon Fritharmúir. I dteannta na mbuíonta sin, tá dhá Phéire Naoscaire ag Ceanncheathrú an Chomplachta Tacaíochta.

Muscaed Naoscaire AI 92

Tugadh Muscaed Naoscaire AI 92 isteach san Arm i 1992. Tá sé ar an dara glún de mhuscaeid chruinnis idirnáisiúnta agus is leagan leasaithe é den L96 AI a tháinig roimhe. Malcolm Cooper a rinneadh é a dhearadh, bunaithe ar dhearadh do mhuscaed spóirt. Roghnaíodh an t-armán sin i 1991 de ghearrliosta ar a raibh ceithre cinn de mhuscaeid.

Statisticí Muscaed Naoscaire AI 92
Déantóir Accuracy International
Cineál Armáin Muscaed Naoscaire
Tír a Dhéantar An Ríocht Aontaithe
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 1992
Calibre 7.62mm
Cothú Lónlámhach Cothú le Piléarlann
Meáchan 9.1kg
Modh Lámhaigh Urchar Aonair, Gníomh Bolta
Raon 1000m
Ráta Lámhaigh
Fad 1150mm
Treoir Schmidt and Bender
Criú 2

Browning HMG

Tá Innealghunnaí Troma á dtáirgeadh le céad bliain anuas, beagnach. Tá spéis á cur arís ina n-úsáid de réir mar a d’athraigh airm calibre a mionarmán ó 7.62 mm go dtí 5.56 mm, as a lean raonta níos lú. Féadfaidh an HMG lámhach a dhéanamh ag raonta suas le 2200 méadar. Is féidir an HMG a úsáid freisin i ról aerchosanta le seastán agus treoracha speisialta agus is é an príomh-armán aerchosanta orgánach é sa Chathlán Coisithe.

Staitisticí Gunna Trom 12.7mm Browning 
Déantóir Fabrique Nationale
Cineál Armáin Innealghunna Trom
Tír a Dhéantar An Bheilg
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 1970idí
Calibre 12.7mm
Cothú Lónlámhach Crioschothaithe (naisc a thiteann ó chéile)
Meáchan 96kg
Modh Lámhaigh Lámhach Uathoibríoch
Raon 2200m
Ráta Lámhaigh 550 urchar sa nóiméad
Fad an Bhairille 1143mm
Treoir Treoir Iarann
Criú 3

Moirtéar 81mm

A bhuíochas don Mhoirtéar 81mm bairille fada leis an Aonad Treorála AI C2 agus a armlón, chomh maith leis an Ríomhaire Lámhachrialaithe Morfire, tá an trealamh seo i measc an trealaimh is nua-aimsearthaí agus is cruinne áit ar bith ar domhan. Féadfaidh na huirlisí aonad treorála agus lámhachrialaithe cruinneas aon mhiliméadair (1 m ag 1000m) a bhaint amach ó thaobh treo agus ardas. Féadfar an cruinneas sin a choimeád in imthosca timpeallachta thar fóir agus i dtréimhsí ina mbíonn infheictheacht teoranta nó laghdaithe. Trí úsáid a bhaint as raonaimsitheoirí léasair, is féidir cur leis an dóchúlacht go mbainfear buille chéad bhabhta nó dara babhta amach.

Staitisticí an Mhoirtéir 81mm
Déantóir Hocthkiss Brandt
Cineál Armáin Moirtéar Meánach
Tír a Dhéantar An Fhrainc
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse
Calibre 81mm
Cothú Lónlámhach Béal-Lódáilte
Meáchan 41.5kg
Modh Lámhaigh Urchar Aonair
Raon 5000m
Ráta Lámhaigh 12 urchar sa nóiméad
Fad
Treoir C2A1
Criú 5

Javelin

Is diúracán “déan lámhach agus déan dearmad” é an Javelin a bhfuil glasáil roimh lainseáil agus féintreoir uathoibíoch aige. Ciallaíonn sin nach gá leis an duine plé leis an diúracán tar éis dó lámhach a dhéanamh agus go bhfuil an gunnadóir saor le athlódáil a dhéanamh, suíomh a athrú nó frithbhearta an namhaid a sheachaint. Tá an córas armáin Javelin comhdhéanta de dhá chomhpháirt éagsúil:

  • An tAonad Lainseála Ceannais (CLU)
  • An Diúracán

Corpraíonn an CLU treoir lae lánpháirtithe agus treoir íomháithe teirmigh. Ar an CLU atá rialáin an ghunnadóra don chóras diúracáin. Tá formhéadú x 4 ag an treoir lae agus tá formhéadú x 4 agus optaic formhéadaithe x 9 ag an treoir oíche. Tá dhá mhodh ionsaithe ag an Javelin:

  • Ionsaí díreach
  • Ionsaí ó bharr

Sa mhodh ionsaithe dírigh, téann an diúracán go dtí an targaid ar an mbealach is giorra is féidir. Oibríonn an modh seo go maith le targaidí clúdaithe mar shampla buncair agus foirgnimh. Sa mhodh ionsaithe ó bharr, dreapann an diúracán os cionn na targaide agus bualann díon na targaide. Tá an modh seo éifeachtach i gcoinne feithiclí armúrtha ar a bhfuil an méid is lú cosanta ar dhíon na feithicle.

Staitisticí an Javelin
Déantóir Raytheon/Lockheed Martin
Cineál Armáin Armán Fritharmúrtha Soghluaiste
Tír a Dhéantar Stáit Aontaithe Mheiriceá
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 2003
Trastomhas an Diúracáin 126mm
Cothú Lónlámhach Urchar Aonair Réamhlódáilte
Weight 22.3kg
Modh Lámhaigh Lámhaigh Singil
Raon 2500m
Ráta Lámhaigh Áid Aonair (Comhpháirt Diúracáin)
Fad 1260mm
Treoir Féintreoir Uathoibríoch Glasála
Criú 2