We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Armáin ag Leibhéal Buíne

Féach ar airm atá ar fáil do buine

In Airm na hÉireann is éard is buíon ann ná aonad coisithe ar a dtugtar Buíon Mhuscaed uaireanta. Tá an Bhuíon Mhuscaed comhdhéanta de 3 rannóg de 9 saighdiúir, a bhfuil gach ceann faoi cheannas ag Ceannaire. Tá an bhuíon faoi cheannas Leifteanaint (nó Dara Leifteanaint) le Sáirsint Buíne ag feidhmiú mar Leascheannasaí (2I/C).

Steyr AUG

Tugadh Steyr Armee Universal Gewehr AUG A1 (a chiallaíonn "Muscaed Uilíoch Airm") isteach i mbun seirbhíse ag Óglaigh na hÉireann i 1988. Calibre 5.56mm atá ag an armán sin, rud a ligeann don saighdiúir dhá oiread armlóin a iompar seachas roimhe sin, agus úsáideann sé dearadh "Bullpup", ina bhfuil an mheicníocht agus an philéarlann suite taobh thiar den truicear. Is dearadh é a chuireann fad leis an mbairille a bhaineann le fad iomlán an armáin, rud a chruthaíonn armáin níos giorra do bhairillí den fhad chéanna. Bhí éileamh ar an gcartús le cailibire 5.56mm nuair a léirigh staidéir idirnáisiúnta gur annamh a dtéann saighdiúirí i ngleic lena chéile le mionarmáin nuair a bhíonn achar slí níos mó ná 300 méadar eatarthu. Laghdaigh sé sin an gá a bhí le cartúis níos cumhachtaí. Táirge de chuid Steyr Daimler Puch na hOstaire is ea an Steyr AUG A1, agus is é muscaed seirbhíse na coitiantachta san Ostair, san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus i Lucsamburg. Déantar é a eisiúint, chomh maith, do Sheirbhís Custam SAM agus do scoth-Fhiannóglaigh na Filipíne, i measc daoine eile..

Staitisticí an Steyr AUG A1
Déantóir Steyr Daimler Puch
Cineál Armáin Muscaed Lingthe Leathuathoibríocht
Tír a Dhéantar An Ostair
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 1988
Calibre 5.56mm
Cothú Lónlámhach Cothú le Piléarlann
Meáchan 3.6kg
Modh Lámhaigh Urchar Aonair agus Lámhach Uathoibríoch
Raon 600m
Ráta Lámhaigh 600 - 800 urchar sa nóiméad
Fad 790mm
Treoir Radharcach - formhéadú x1.5

Heckler & Koch USP

Is é piostail leath-uathoibríoch an USP (Universelle Selbstladepistole nó "pistol féin-luchtú uilíoch") a fhorbraíodh sa Ghearmáin ag Heckler & Koch GmbH (H & K) Is piostail leath-uathoibríoch é an le sreabhadh faoi ghlas meicniúil ag baint úsáide as an modh gearr athchúrsála oibriú.

Heckler & Koch USP Statistics
Déantóir Heckler & Koch GmbH (H&K)
Cineál Armáin Semi- Automatic Pistol
Tír a Dhéantar Germany
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 2007
Calibre 9mm
Raon Leath-Uathoibríoch 50m

Lansaire Gránáide M203

Tá sé mar phríomhról ag an M203 tacú leis an rannóg coisithe. Córas fochrochta armán gránáidí 40mm ar luas íseal atá ann, nasctha go buan le Muscaed Steyr, le meicníocht amharcaimsithe agus truiceartha ar leithligh. Is féidir réimse leathan armlóin éagsúla a scaoileadh leis an armán seo, ar a n-áirítear Tréanphléascán, Deatach agus Soilsiú. Tá an M203 in ann lámhach éifeachtach suas le 350 méadar a sholáthar. Is féidir an M203 a úsáid chun tabhairt faoi fheithiclí bogchraicneacha agus faoi fhoirgintí daingnithe agus trúpaí namhad faoin aer. Tá ar a chumas dul trí 90 mm armúir rollaithe aonchineálaigh agus is féidir leis tabhairt faoi armúr éadtrom.

Staitisticí an Lansaire Gránáidí M203
Déantóir Diemaco
Cineál Armáin Lansaire Gránáidí
Tír a Dhéantar Ceanada
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse
Calibre 40mm
Cothú Lónlámhach Crioslódáilte
Meáchan 2.15kg
Modh Lámhaigh Urchar Aonair
Raon 400m
Ráta Lámhaigh 5 go dtí 7 urchar sa nóiméad
Fad 305mm
Treoir Treoir Iarann

Inneallghunna Úsáide Coitianta

Sa lá atá inniu ann, úsáideann Óglaigh na hÉireann an FN MAG (Fabrique Nationale Mitrailleuses D'Appui General nó Inneallghuna Usáide Coitianta) 58 i ról Inneallghunna Usáide Coitianta.  Calibre 7.62mm atá aige, le raon éifeachtach 200 - 1800 méadar. Inneallghuna éadtrom, criosfhothaithe, gásoibrithe is ea an MAG. Tá córas fuaraithe aeir aige agus bairille saindeartha i gcomhair a athraithe go tapaidh ag criú beirte. Buntáiste tábhachtach amháin a bhaineann le MAG a úsáid na go bhfuil sé fíoréasca é a chothabháil. Go deimhin, is féidir le saighdiúir a bhfuil taithÁ aige/aici é a bhaint as a chéile laistigh de 10 soicind.  Fágann sin gur féidir brath go mór air sa mhachaire. Is gnách go ndéantar an tInneallghunna Úsáide (GPMG) a chur suas ar sheastán déchosach, ach is féidir é a úsáid i ról leanúnach lámhaigh ach é a chur suas ar sheastán tríchosach.  Is féidir GPMG a chur suas ar iompróir armúrtha pearsanra MOWAG agus ar fheithiclÁ armúrtha eile chomh maith. Tá an MAG in úsáid ag go leor náisiún ar fud an domhain agus úsáideadh é i gcoimhlintí éagsúla, Cath na Murascaille agus Oileáin Fháclainne san áireamh.

Staitisticí an Innealghunna Uilefhóinteach FN MAG
Déantóir FN Herstal
Cineál Armáin Innealghunna Éadrom
Tír a Dhéantar An Bheilg
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 1964
Calibre 7.62mm
Cothú Lónlámhach Crioschothaithe
Meáchan 10.9kg
Modh Lámhaigh Lámhach Uathoibríoch
Raon 1800m
Ráta Lámhaigh 650 - 1000 urchar/nóim
Fad 1260mm
Treoir Cinéal Cúltreorach

AT4 SRAAW

Ghlac Óglaigh na hÉireann leis an armán Gearr-raon Fritharmúrtha AT-4 (SRAAW) i 1997. Armán réamhlódáilte, indiúscartha gan athchasadh is ea an SRAAW, a bhfuil meicníocht shábháilte ann ar féidir brath uirthi. Rinneadh a dhearadh chun an fód a sheasamh in aghaidh choinníollacha diana mhachaire an chatha, is beag de chothabháil a theastaíonn uaidh, agus baineann saolré fada ar an tseilf leis. Is féidir a úsáid i ngach saghas talún agus faoi choinníollacha aeráide ar bith gan baint dá éifeacht. Scaoileann an SRAAW urchar Fritanc Tréanphléascach (HEAT) atá oiriúnach chun Feithicil Armúrtha Troda (AFVanna) agus suíomhanna buncair namhad a scriosadh.

Staitisticí SRAAW AT4
Deantóir Ordanáis FFV
Cineál Armáin Armáin Gearr-raon Fritharmurtha
Tír a Dhéantar An tSualainn
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 1997
Calibre 84mm
Cothú Lónlámhach Urchar Aonair Réamhlódáilte
Meáchan 6.7Kg
Modh Lámhaigh Urchar Aonair
Raon 400m
Ráta Lámhaigh Usáid Aonair
Fad 1010mm
Treoir Treoracha Dúbailte Plaisteacha a Shacann Aníos