We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

AIRCORPS1

Eolais faoin Aerchór

Is é an tAerchór comhchuid aeir na mBuanfhórsaí Cosanta agus é lonnaithe in Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill, Co. Bhaile Átha Cliath. Inniu ta fir agus mná ag seirbhís san Aerchór, agus déanann gach duine díobh cion uathúil agus suntasach chun na rólanna, idir phríomha agus thánaisteacha, a chomhlíonadh faoi mar a shanntar ón rialtas iad.

Leanfaidh an tAerchór de bheith ag oibriú raon aerárthaí rothlacha agus sciathán seasta laistigh de struchtúir eagraíochtúla atá ann cheana féin. Is é an phríomhaidhm thar shaolré an Pháipéir Bháin a chinntiú go bhféadfaidh an tAerchór leanúint de na hoibríochtaí míleata riachtanacha a dhéanamh agus raon leathan tacaíochtaí aeir a sholáthar do ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile i gcomhréir le MOUanna agus SLAanna. Sa chomhthéacs seo, leagtar amach thíos príomhriachtanais trealaimh agus cinntí. Má thagann maoiniú breise ar fáil, thar an méid atá riachtanach chun cumais atá ann cheana a chothabháil, is tosaíocht don Aerchór forbairt cumais faireachais radair.

Tá na hAonaid seo a leanas san Aerchór:

Ceanncheathrú an Aerchór

San áireamh i gCeanncheathrú an Aerchóir tá Oifig an Ghinearáloifigigh i gCeannas, Rannóg Oibríochtaí agus Rannóg Tacaíochta, mar aon le trí rannóg speisialtóireachta atá nasctha le Ceanncheathrú an Aerchóir agus iad faoi cheannas díreach an Ghinearáloifigigh i gCeannas an Aerchóir. Seo iad: an tÚdarás Míleata um Aerfhiúntas (MAA), an Rannóg Sábháilteachta Eitiltí agus Rannóg Póilíní an Airm.

Ar na tascanna a bhíonn le comhlíonadh ag foireann Cheanncheathrú an Aerchóir tá pleanáil bainistíochta straitéisí, pleanáil agus rialú oibríochtúil, bainistíocht lóistíochtúil agus pearsanra, caidreamh poiblí agus aerfhiúntas na n-aerárthaí uile i mbun seirbhíse.

Sciathán Oibríochtaí Uimh. 1

Is é Sciathán Oibríóochtaí Uimhir a hAon a dhéanann na tascanna agus na hoibríochtaí sciatháin dhobhogtha uile a leagtar amach don Aerchór. Tá an sciathán foroinnte ina sé scuadrún oibríochtúla ar leith, agus gach scuadrún díobh i mbun a chuid rólanna féin.  Naoi n aerárthach ar fad atá á n oibriú ag an sciathán faoi láthair. Tá an sciathán freagrach as cothabháil chéad líne na n aerárthaí uile a shanntar dó freisin.

Ar na hoibríochtaí tipiciúla tá:

  • Patrólú muirí cois cladaigh & amach ón gcósta
  • Seirbhís Aeriompair Airí
  • Comhoibriú & Taiscéalaíocht an Airm
  • Aerthacaíocht don Gharda Síochána
  • Aerárthach Othar
  • Barrchumhdach sa Chuardach & Tarrtháil
  • Oibríochtaí paraisiútála
  • Monatóireacht & faireachas tionlacain
  • Iompar míleata

Sciathán Oibríochtaí Uimh. 3

Is é Sciathán Oibríochtaí Uimhir a Trí a dhéanann na tascanna agus na hoibríochtaí sciatháin rothlacha uile a shanntar don Aerchór. Tá an sciathán foroinnte ina trí scuadrún oibríochtúla ar leith, agus gach scuadrún díobh i mbun a chuid rólanna féin.

Oibríonn an sciathán ocht n aerárthach ar fad faoi láthair, sé Augusta Westland AW139 agus dhá Eurocopter EC-135. Agus tá an sciathán freagrach freisin as cothabháil chéad líne na n aerárthaí uile a shanntar dó.

Ar na hoibríochtaí tipiciúla tá:

  • Tacaíocht don Arm
  • Aerárthach Othar
  • Iompar míleata
  • Cúnamh sibhialta
  • Cuardach & Tarrtháil Intíre
  • Úsáid ghinearálta
  • Traenáil píolótaí sciatháin rothlacha
  • Seirbhís Aeriompair Airí

Sciathán Tacaíochta Uimh. 4

Is e Sciathán Tacaíochta Uimhir 4 a dhéanann an chothabháil sceidealta dara líne ar aerárthaí uile an Aerchóir. San áireamh ansin tá freagracht as an gcothabháil ar fad i réimse na heitleonaice, as soláthar agus bainistiú páirteanna spártha agus as soláthar breosla eitlíochta a chur ar fáil agus a bhainistiú.

Ar na rólanna tá:

  • Soláthar agus bainistiú páirteanna spártha
  • Bainistiú breosla
  • Cothabháil Leictreonaic Eitlíochta

Sciathán Tacaíochta Uimh. 5

Tá Uimh. 5 Sciathán Tacaíochta freagrach as gach tacaíocht lóistíochta don Aerchór. Is é an sciathán fo roinnte ina shé scuadrúin tacaíocht ar leith, gach ceann ag comhlíonadh a róil ar leith féin.

I measc na róil is gnách tá:

  • Bonn riarachán
  • Slándáil agus cothabháil
  • Loighistice
  • Iompar
  • Seirbhísí Leighis
  • Seirbhísí Aeir Rialú Tráchtala
  • Seirbhísí Tarrthála Timpistí

An Scuadrún Seirbhíse Cumarsáide & Eolais

In Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill, atá an Scuadrún Seirbhísí Cumarsáide & Eolais lonnaithe. Is é a jab, déileáil le gach gné den trealamh agus de na córais Chumarsáide, Loingseoireachta agus Eolais Teicneolaíochta a bhíonn de dhíth ar an Aerchór lena rólanna sannta a chur i gcrích. Cuireann siad cinntí polasaí na bhFórsaí Cosanta maidir le Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais i bhfeidhm san Aerchór le foireann eagraithe ardoilte díograiseach agus dea-threalmhaithe.

Is iad na Rólanna tipiciúla ná:

  • Eitilt Seirbhísí Aerpháirce Tá Eitilt Seirbhísí Aerpháirce freagrach as réimse leathan trealaimh theicniúil a shuiteáil, a sheirbhísiú agus a chothabháil. Cúnamh Loingseoireachta Aerpháirce ar nós V.O.R (Raon Uile-threoch VHF)/D.M.E. (Trealamh Tomhais Fad), I.L.S. (Córas Tuirlingthe Ionstraimí) agus D.M.E., C.A.D.F. (Aimseoir Treo Antenna Commutated) gaolmhar.

  • Eitilt Chumarsáide Soláthraíonn Eitilt Chumarsáide an chumarsáid talún go léir agus cuid den chumarsáid san aer don Aerchór ag baint úsáide as raidiónna UHF, HF agus VHF. Tá dhá fheithicil Nissan FFR (Fitted for Radios) ann a sholáthraíonn cumarsáid idir aerárthaí agus bunáit agus iad ag obair ar an láthair.

  • Eitilt Seirbhísí Teicniúla Tá Eitilt Seirbhísí Teicniúla freagrach as Líonrú, Gléasra Cumhachta agus Teileachumarsáid laistigh de CIS.

  • Teicneolaíocht Faisnéise Tá freagracht ar Theicneolaíocht Faisnéise Eitilte as feidhmiú ceart an Líonra Seirbhísí Cumarsáide agus Faisnéise (CISN) laistigh den Aerchór agus as Córas Airsoft AS400.