Cleachtadh Casta Muirí Frithsceimhlitheoireachta déanta ag Óglaigh na hÉireann
Ráiteas do na Meáin: Dé hAoine an 30 Iúil 2021, 12.15pm
Maidin inné, thug Óglaigh na hÉireann faoi chleachtadh casta gar do Chalafort Bhaile Átha Cliath. Ba é Sciathán Fiannóglach an Airm, Tascghrúpa Oibríochtaí Speisialta Óglaigh na hÉireann, a bhí i gceannas ar an gcleachtadh muirí frithsceimhlitheoireachta comhoibríochtaí, le tacaíocht ón Aerchór agus ón tSeirbhís Chabhlaigh le gné Ceannais agus Rialaithe (C2) ó Cheanncheathrú Óglaigh na hÉireann.
Ba í acmhainneacht Óglaigh na hÉireann maidir le ceannas agus rialú, cumarsáid, faisnéis agus bailiú faireachais a bhí á tástáil leis an gcás a bhí faoi stiúir na bhFórsaí Oibríochtaí Speisialta.
D'éirigh le Sciathán Fiannóglach an Airm baill d'fhoirne ionsaithe a imlonnú de mhuir agus d'aer ar bhád farantóireachta Stena, agus d'éirigh leo an t-árthach a dhaingniú de réir mar a tháinig sé i dtreo Chalafort Bhaile Átha Cliath. Bhí ról ag LÉ James Joyce agus CASA an Aerchóir i ndáil leis an mBád Farantóireachta a aimsiú agus a rianú, agus faireachas a chur ar fáil uirthi. Chuaigh foirne ionsaithe Sciathán Fiannóglach an Airm ar bord an Bháid Farantóireachta ó Héileacaptair AW139 agus ó Bháid Righin Inséidte ag an am céanna sular dhaingnigh siad an t-árthach.
De bharr nádúr dian an, chleachtaidh a raibh an-bhrú ag baint leis, bhí ar phearsanra aghaidh a thabhairt ar thimpeallacht réalaíoch oiliúna ina raibh leibhéal an-ard saineolais, cruinnis agus scile ag teastáil.
Ba mhaith le hÓglaigh na hÉireann buíochas a ghabháil le Stena Line as an gcúnamh ar fad a thug siad chun an cleachtadh casta seo a éascú.