Lá Oscailte ATOÉ
Dé Domhnaigh 9ú Meitheam 2019 - Campa an Churraigh
Beidh Lá Oscailte DFTC ar siúl Dé Sathairn an 9 Meitheamh idir 1200 agus 1600 a chlog ag Campa an Churraigh.
Beidh roinnt seastán agus imeachtaí ar siúl i rith an lae. Beidh láthair páistí ann freisin, agus rannpháirt á glacadh ag grúpaí d’iar-shaighdiúirí Óglaigh na hÉireann agus grúpaí pobail áitiúla ann; agus beidh na díoltóirí áitiúla ar an láthair ag díol sólaistí freisin.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl ag an lá oscailte beidh:
- Taispeántas d’fheithiclí agus d’airm statacha
- Taispeántais den chomhrac gan airm
- Lámhach airtléire
- Léiriúcháin d’ionsaithe gasra
Is iad na Ridirí Dubha, Foireann Pharaisiútála Óglaigh na hÉireann, a dhéanfaidh léim pharaisiúit freisin (ag brath ar an aimsir).
Ina theannta is amhlaidh a thabharfaidh Óglaigh na hÉireann agus Bannaí Píob áitiúla ceadal ceoil uathu i rith an lae. Beidh carrchlós ar fáil istigh i gCearnóg Bheairic Mhic Dhonncha, agus beidh carrchlós breise ar fáil istigh i gcearnóg Bheairic Mhic Dhiarmada.
Clár imeachtaí do Lá Oscailte Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann |
||
|
DTG |
IMEACHT |
LÁTHAIR |
|
1200 a chlog |
LÁTHAIR na bPÁISTÍ/TAISPEÁNTAS MÍLEATA/TURAIS MHÚSAEIM/DÍOLTÓIRÍ/TAISPEÁNTAS FEITHICLÍ/GRÚPAÍ POBAIL |
PÁIRC ASTROTURF CHAMPA AN CHURRAIGH |
|
1245 a chlog |
LÉIRIÚCHÁN COMHRAIC GAN AIRM |
|
|
1315 a chlog |
LÁMHACH AIRTLÉIRE / GASRA I mBUN IONSAÍ |
LIMISTÉAR AN RAOIN (AR CHÚL BHIALANN NA SIÚRACHA) |
|
1415 a chlog |
LÉIM PHARAISIÚIT |
LIMISTÉAR AN RAOIN (AR CHÚL BHIALANN NA SIÚRACHA) |
|
1445 a chlog |
LÉIRIÚCHÁN COMHRAIC GAN AIRM |
|
|
1515 a chlog |
LÁMHACH AIRTLÉIRE / GASRA I mBUN IONSAÍ |
LIMISTÉAR AN RAOIN (AR CHÚL BHIALANN NA SIÚRACHA) |