Lá Teaghlaigh
Beidh ócáid á reáchtáil ag Óglaigh na hÉireann do theaghlaigh pearsanra atá ag fónamh thar lear faoi láthair i Zú Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn an 7 Márta, ó 10:00-15:00.

Beidh ócáid á reáchtáil ag Óglaigh na hÉireann do theaghlaigh pearsanra atá ag fónamh thar lear faoi láthair i Zú Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn an 7 Márta, ó 10:00-15:00. Beidh pearsanra Óglaigh na hÉireann i dTeach Haughton i Zú Bhaile Átha Cliath le péinteáil aghaidhe (10:00-14:00) agus earraí maithe do na teaghlaigh. Tá fáilte romhat cuairt a thabhairt orainn ansin, nó is féidir leat taitneamh a bhaint as do lá ag an Zú. Beidh páirceáil ar fáil i nDún Mhic Aodha, atá siúlóid ghearr ón bpríomhbhealach isteach chuig Zú Bhaile Átha Cliath. Cláraigh thíos le do thoil, ag tabhairt ainmneacha aon daoine fásta a bheidh i láthair, chomh maith le haoiseanna na bpáistí a bheidh i láthair. Gheobhaidh tú ríomhphost deimhnithe a luaithe a bheidh tú cláraithe.
Má tá aon cheist agat, seol ríomhphost familyday@defenceforces.ie