Earchach Airm
Traenáil le bheith i do shaighdiúir ar chlár 12-seachtaine d’earcaigh agus clár traenála 2-3 Réalta 10-seachtaine ina dhiaidh sin. Cothóidh tú scileanna bunriachtanacha míleata, smacht, aclaíocht agus comharobair sula gceanglaíonn tú le haonad.
Buneolas maidir le hEarcaigh Airm Gnáthsheirbhíse
Tá Óglaigh na hÉireann ag lorg dhaoine ar mian leo saol gairme dúshlánach a éilíonn cuid mhór ar an gcolainn a chaitheamh i réimsí míleata. Ba chóir go mbeadh na hiarrthóirí:
- Ábalta oibriú i dtimpeallacht smachta míleata.
- Ábalta oibriú i meitheal le daoine eile.
- Go maith ag obair i dtimpeallacht lena mbaineann cuid mhór brú agus a éilíonn cuid mhór ar an gcolainn.
- Toilteanach dul ar fianas thar lear ar feadh tréimhsí fada.
Ar an gcáilíocht a ghnóthú, téann an t-earcach i mbun feidhme mar shaighdiúir singil trÍ réalta i gceann de na Cóir Seirbhíse seo a leanas — an Cór Coisithe, an Cór Airtléire, an Cór Marcra, an Cór Iompair nó an Cór Córas Cumarsáide agus Eolais.
Cáilíochtaí
Níl aon cháilíochtaí oideachais foirmiúla de dhíth chun dul isteach in Óglaigh na hÉireann i d’earcach. Mar sin féin, ní mór duit an Bord Agallaimh agus an tOifigeach Earcaíochta a shásamh go bhfuil caighdeán oideachais leordhóthanach agat le dul ar fónamh in Óglaigh na hÉireann.
Teorainneacha Aoise
Ní mór 18 mbliana a bheith slán ag an iarrthóir agus é/í faoi bhun 39 mbliana d’aois an dáta a luaitear mar an dáta deiridh a mbeidh glacadh le harratais.
Ionduchtú
Eagraítear Comórtas d’Earcaigh i ngach Briogáid faoi leith de chuid an Airm de réir mar a bhíonn gá agus níl aon bhealach eile ann le dul isteach in Óglaigh na hÉireann le rún a bheith i do Shaighdiúir Singil. Cuirtear iarrthóirí faoi thástáil aclaíochta, tástáil síciméadrach, agallamh agus scrúdú liachta. Chomh maith leis sin cuirfear gach iarrthóir faoi ghrinnfhiosrúchán slándála an Gharda Síochána. Ní mór don iarrthóir dhá mholtóir a lua freisin mar chuid den phróiseas grinnfhiosrúcháin ar mhaithe le gnóthaí slándála. Beidh ar iarrthóirí pas a fháil sa scrúdú liachta agus sa ghrinnfhiosrúchán slándála le go mbreithneofar iad le hionduchtú. Cinnfear leis an bPróiseas Ionduchtúcháin más de d’acmhainn a bheith i do Shaighdiúir Singil san Arm.
Físeáin Áisiúla maidir leis an bPróiseas Iarratais
Traenáil
Tá an Siollabas Traenála Earcaigh leagtha amach chun Saighdiúir Coisithe Dhá Réalta a chur ar fáil atá aclaí agus spreagtha, agus a bhfuil bunscileanna míleata acu agus smacht acu orthu féin. Tá an traenáil earcaigh mar bhunús don traenáil mhíleata. Leanann an cúrsa traenála go ceann dhá sheachtain déag. Leantar é sin le traenáil 3 réalta agus ina dhiaidh sin le cúrsaí Sain-Traenála don Saighdiúir Traenáilte.
Is féidir a éileamh ar earcach an traenáil a dhéanamh in aon ionad de chuid Óglaigh na hÉireann agus is féidir, tar éis na traenála, a chur i mbun poist in aon ionad de chuid Óglaigh na hÉireann faoi réir mar a bhíonn gá leis ag Óglaigh na hÉireann.
Dul Chun Cinn Gairme
Moltar do Shaighdiúirí Singile nuacháilithe iad féin a chur san áireamh maidir le cúrsaí breise san Arm. D’fhéadfadh cúrsaí den sórt sin ligean don saighdiúir díriú go speisialta ar réimsí áirithe d’obair an Airm nó an saighdiúir a fhágáil incháilithe maidir le hardú céime nó fianas thar sáile.
Cleachtadh don Tástáil Shíciméadrach
Na Meáin
Tá Óglaigh na hÉireann ag glacadh le hiarratais faoi láthair maidir le hEarcadh Gnáthsheirbhíse san Arm.
Táimid ag maireachtáil i ndomhan ilchineálach; teastaíonn fir agus mná ó gach cúlra ó Óglaigh na hÉireann a bhfuil tuiscint láidir acu ar dhualgas, a bhaineann sult as oibriú mar chuid d'fhoireann, agus atá ag iarraidh tabhairt faoi ghairm bheatha atá dúshlánach ach tairbheach.
Ní mór d’iarratasóirí ar an arm a bheith 18 mbliana d’aois agus faoi 39 bliana ar an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Ní mór d’iarratasóirí a bheidh ag déanamh iarratas ar Earcaíocht Seirbhíse Ginearálta a bheith ar an eolas gurb iad seo a leanas na réimsí freagrachta dá mbeidh iarratasóirí ag déanamh iarratas ina leith:
Céad Bhriogáid - Ionad Agallaimh Chorcaí:
- Co. Chorcaí
- Co. Cheatharlach
- Co. an Chláir
- Co. na Gaillimhe
- Co. Chiarraí
- Co. Chill Chainnigh
- Co. Laoise
- Co. Luimnigh
- Co. Uíbh Fhailí
- Co. Thiobraid Árann
- Co. Phort Láirge
- Co. Loch Garman
Dara Briogáid - Baile Átha Cliath / Ionad Agallaimh an Churraigh, DFTC
- Co. Bhaile Átha Cliath
- Co. an Chabháin
- Co. Dhún na nGall
- Co. Chill Dara
- Co. Liatroma
- Co. an Longfoirt
- Co. Lú
- Co. Mhaigh Eo
- Co. na Mí
- Co. Mhuineacháin
- Co. Ros Comáin
- Co. Shligigh
- Co. na hIarmhí
- Co. Chill Mhantáin
Más féidir, éascófar é go dtabharfaidh iarratasóirí faoi thástálacha aclaíochta agus agallamh ag an ionad is gaire dóibh.
An Ráta Reatha Pá
An bhfuil Fonn ort Tús a Chur le Saol Gairme le hÓglaigh na hÉireann?
Gnáthsheirbhís san Arm Céad Bhriogáid SEOL IARRATAS ANOIS>>>
(Corcaigh, Luimneach, Cill Chainnigh agus Gaillimh)
Gnáthsheirbhís san Arm Dara Briogáid SEOL IARRATAS ANOIS>>>
(Baile Átha Luain, Baile Átha Cliath, Dún Dealgan agus Dún na nGall)
Gnáthsheirbhís san Arm DFTC SEOL IARRATAS ANOIS>>>
(DFTC Campa an Churraigh)