Oifigeach Innealtóireachta an Airm (Dalta)
An innealtóir tusa atá díocasach, fiosrach, díograiseach? Má tá fonn eachtraíochta ort, má tá tú sách muiníneach le hoibriú i gcomhar, agus más de do thréithe níos mó a thairiscint ná a éileamh, beidh tú díreach ceart.
Fáilte
Clár ceannaireachta sárleibhéil d’innealtóirí atá i gClár Innealtóireachta an Airm do Chéimithe.
Beidh barréifeacht aige ar an acmhainn atá ionatsa Ceannaireacht a dhéanamh ar Mheitheal dár gCuid; Díol Éifeachta a Dhéanamh; agus a bheith i do Shiocair le Tairbhe.
Níl a leithéid eile d’eagraíocht sa stát agus Óglaigh na hÉireann agus bíonn na daoine is cumasaí de dhíth orainn ionas gur fearr is féidir linn fónamh don náisiún sa saol síorathraitheach seo.
Tairgtear deis faoi leith d’innealtóirí díograiseacha, díocasacha, fiosracha a bhfuil fonn orthu rath a dhéanamh. Ní sárlaochra atá á lorg againn ach má tá fonn eachtraíochta ort, má tá tú sách muiníneach le hoibriú i gcomhar, agus más de do thréithe níos mó a thairiscint ná a éileamh, beidh tú díreach ceart.
I Scoil na nDaltaí, an scoil ceannaireachta is fearr sa tír, a thosóidh tú ar an tslí seo.
Beidh dúshlán romhat ach is cinnte, le díocas agus le cúnamh do chuid comhdhaltaí, go mbainfidh tú do chuid cuspóirí amach. Má éiríonn leat, tabharfar ardú céime duit agus leanfar den infheistíocht ionat le breis traenála go ngnóthaíonn tú Céim Máistreachta ar Leibhéal 9 sula gcuirtear le d’aonad tú go bhfaigheann tú cleachtadh praiticiúil ar cheannaireacht. Is é toradh a bheidh ar an díograis agatsa agus an dúthracht againne go rachaidh tú i gceannas ar thrúpaí innealtóra thar lear, ag teacht ar sheifteanna tairbheacha sna cásanna is achrannaí agus, dá thoradh sin uilig, ag cur athrú chun sochair ar an saol ag daoine.
Bíodh sin mar atá, ní obair ar fad atá i gceist. Tarlóidh nithe ar feadh an chúrsa a chuirfidh athrú ar an saol agat féin agus cothóidh tú cairdeas le daoine a mhairfidh go buan.
Cúiteofar do chuid díograise agus díocais leat trí bhonn daingean a chur fút agus do chuid cumais a fhorbairt sa chaoi is go dtagann a bhfuil ionat mar dhuine agus mar innealtóir i dtreis. Tús le haistear atá sa chlár seo agus buaic cibé cúrsa a roghnaíonn tú an ceann scríbe atá romhat.
CUIR ISTEACH IARRATAS ANOIS