We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Army 3

Oifigeach Airm (Dalta)

Daltas san Arm Is é an aidhm atá le traenáil daltaí carachtar agus scileanna ceannaireachta a chothú agus tuiscint ar dhualgas agus ar fhreagracht a fhorbairt sa dalta. Bíonn gá ag dalta airm le géire intinne agus aclaíocht colainne le leas a bhaint as an traenáil sin a tharlaíonn i dtimpeallacht lena mbaineann smacht docht.

Daltas san Arm 

Is é an aidhm atá le traenáil daltaí carachtar agus scileanna ceannaireachta a chothú agus tuiscint ar dhualgas agus ar fhreagracht a fhorbairt sa dalta. Bíonn gá ag dalta airm le géire intinne agus aclaíocht colainne le leas a bhaint as an traenáil sin a tharlaíonn i dtimpeallacht lena ngabhann smacht docht.

Céim 1: Ionduchtú

Is é an aidhm atá leis an gcéim traenála seo go bhfaighfí máistreacht ar na scileanna bunúsacha a mbíonn gá ag duine in Óglaigh na hÉireann leo. Modh teagaisc a bhaineann leis an traenáil seo. Déantar daltaí a thraenáil ina ngrúpaí beaga, ina scuaid agus ina gcomplachtaí coisithe, le béim ar dhea-thréithe agus inniúlacht pearsanta a thabhairt chun cinn. Tá príomhthábhacht le sóisialú i saol an airm, in Óglaigh na hÉireann, agus ní thugtar pas deireadh seachtaine ach amháin gach 4 seachtaine. Beidh de shrian ar dhaltaí taobh amuigh de sin gan dul níos mó ná 10km ó Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann, faoi réir Bhuanorduithe Scoil na nDaltaí. Ar an gCéim seo den chlár Traenála agus Oideachais a chríochnú go sásúil, beidh ar chumas an Dalta:

  • Luachanna Óglaigh na hÉireann a thuiscint.
  • Bunphrionsabail ceannaireachta a shonrú.
  • Feidhmiú le freagracht phearsanta.
  • Smacht phearsanta, díograis i gclú na buíne agus folláine na colainne a fhorbairt.
  • Inniúlacht a léiriú in airm phearsanta a úsáid, mapaí a léamh, druileáil coisíochta, druileáil arm, scileanna machaire agus réimsí eile inniúlachta.
  • Seimeastar 1 dá gcúrsa léinn a chríochnú go sásúil.

Céim 2: Forbairt

Is é an aidhm atá leis an gcéim traenála seo go bhforbrófaí scileanna ceannaireachta an dalta agus go gcothófaí máistreacht ar scileanna míleata bunúsacha an chomhair.  Beidh gné na gcoisithe in oibríochtaí den ghnáthchineál in úsáid mar mhodhanna forbartha, le béim ar dhea-thréithe an duine agus ar inniúlacht an ghrúpa beag. Modh teagaisc / treorach a bhaineann leis an traenáil seo.  Is féidir le dalta pas deireadh seachtaine a fháil uair amháin sa mhí. An tráth nach bhfuil pas acu, beidh de shrian ar dhaltaí gan dul níos mó ná 10km ó Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann, faoi réir Bhuanorduithe Scoil na nDaltaí. Ceadófar don dalta carr a choinneáil le húsáid an tráth a mbíonn pas aige/aici.  Ar an gCéim seo den chlár Traenála agus Oideachais a chríochnú go sásúil, beidh ar chumas na nDaltaí:

  • Glacadh go fonnmhar le luachanna Óglaigh na hÉireann.
  • A gcuid scileanna ceannaireachta a chleachtadh.
  • Cúram a ghlacadh maidir le gnéithe atá faoina gceannas.
  • Smacht phearsanta, díograis i gclú na buíne agus aclaíocht trodaíochta a fhorbairt níos mó.
  • Inniúlacht a léiriú maidir le hairm na complachta, gnáthbheartaíocht na complachta, cumarsáid, modhanna teagaisc agus réimsí eile inniúlachta.
  • Seimeastar 2 dá gcúrsa léinn a chríochnú go sásúil.

Céim 3: Cumhachtú

Is é an aidhm atá leis an gcéim traenála seo go bhfairsingeofaí scileanna ceannaireachta an dalta agus go gcothófaí máistreacht ar phríomhscileanna míleata an chomhair. Beidh buíon agus complacht na gcoisithe, in oibríochtaí den ghnáthchineál agus in oibríochtaí seachas cúrsaí cogaíochta, in úsáid mar mhodhanna chun an fairsingiú sin a thabhairt i gcrích. Beidh buntábhacht le forbairt dhea-thréithe a dhaingniú agus cur le réimsí inniúlachta an ghrúpa. Modh treorach a bhaineann leis an traenáil seo agus níos mó á chur ar chumhacht an Dalta lena linn.  Is féidir le dalta pas deireadh seachtaine a fháil faoi dhó sa mhí. An tráth nach bhfuil pas acu, beidh de shrian ar dhaltaí gan dul níos mó ná 50km ó Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann, faoi réir Bhuanorduithe Scoil na nDaltaí.  Ceadófar don dalta carr a choinneáil le húsáid tar éis uaireanta dualgais. Ar an gCéim seo den chlár Traenála agus Oideachais a chríochnú go sásúil, beidh ar chumas na nDaltaí:

    1. Luachanna Óglaigh na hÉireann a léiriú.
    2. A gcuid ceannaireachta a leasú.
    3. Cúram ceannasaíocht a lorg.
    4. Cur leis an smacht phearsanta agus leis an aclaíocht trodaíochta.
    5. Dul faoi Thraenáil Eachtraíochta.
    6. Sárdhíograis i gclú na buíne a léiriú in Óglaigh na hÉireann.
    7. Éifeacht a léiriú i mbun ghnáthbheartaíocht na buíne, trodaíocht i gceantar foirgníochta (FIBUA), oibríochtaí seachas cogaíocht (OOTW), druileáil searmanais agus réimsí eile inniúlachta.
    8. Tuiscint a léiriú ar bhunghnéithe Oibríochtaí Tacaíocht Síochána (PSO).
    9. Seimeastar 3 dá gcúrsa léinn a chríochnú go sásúil.

Céim 4: Sintéis

Is é an aidhm atá leis an gcéim dheireanach seo go dtabharfaí am machnaimh maidir le scileanna ceannaireachta pearsanta an dalta, go dtabharfaí buneolas faoin bpróiseas cinnteoireachta sa réimse míleata, go ndéanfaí ullmhúchán don athrú go céim oifigigh. Beidh buntábhacht le daingniú ar fhorbairt dhea-thréithe agus ar réimsí inniúlachta an ghrúpa. Gné an chomhair a bhainfidh leis an gcineál traenála a dhéanfar agus comhtháthú á dhéanamh ag na Daltaí ar an treoir atá tugtha i gcion cheana agus sinn ag dul i muinín chomhoibre agus chaidreamh an chomhair. Beidh tugtha le fios go bhfuil siad iontaofa agus d’fhéadfadh Daltaí pas a fháil gach deireadh seachtaine. An tráth nach bhfuil pas acu, beidh de shrian ar dhaltaí gan dul níos mó ná 50km ó Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann, faoi réir Bhuanorduithe Scoil na nDaltaí.  Ceadófar don dalta carr a choinneáil le húsáid tar éis uaireanta dualgais. Ar an gCéim seo den chlár Traenála agus Oideachais a chríochnú go sásúil, beidh ar chumas na nDaltaí:

  • Gnáthchuid dé gcuid oibre a dhéanamh de luachanna Óglaigh na hÉireann.
  • A gcuid scileanna ceannaireachta a dhaingniú.
  • Cúram ceannasaíocht a thabhairt orthu féin.
  • A gcuid aclaíochta trodaíochta a mheas agus a fheabhsú.
  • Sársmacht agus díograis i gclú na buíne a léiriú go paiteanta in Óglaigh na hÉireann.
  • Feidhmiú le tuiscint ar bhunghnéithe an Phróisis maidir le Déanamh Cinntí Míleata (MDMP).
  • Ullmhú don athrú tar éis coimisiún a fháil.

An Searmanas Coimisiúnaithe

Cuirtear deireadh le clár traenála na nDaltaí Oifigigh le searmanas coimisiúnaithe ag a dtugtar an chéim nua do na Daltaí – Dara Leifteanant i gcás dhaoine a d’fhág an scoil agus Leifteanant i gcás chéimithe.

Na Daoine atá uainn

Tá an tArm ag lorg iarrthóirí ar mian leo fónamh do Stát na hÉireann agus ar mhaith leo ré gairme éagsúil a bheidh sochrach tairbheach dóibh. Tá iarrthóirí á lorg againn ar spéis leo feidhmiú i dtimpeallachtaí casta oibriúcháin. Tá iarrthóirí á lorg againn ar mhaith leo deis oibriú i meithle de dhaoine gairmiúla cumasacha agus ar mhaith leo a gcuid scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus a bheith i gceannas ar dhream sárspreagtha i mbun misin dhúshlánacha.

Tá iarrthóirí á lorg ag an Arm ag a bhfuil:

  • An cumas rudaí a phleanáil, a chur in ord tábhachta agus a eagrú go críochnúil
  • An cumas anailís staidéarach a dhéanamh ar fhadhbanna ionas go dtugtar seifteanna maithe chun cinn lena réiteach
  • Scileanna cumarsáide lena mbaineann soiléire, cruinneas agus éifeacht
  • Féinspreagadh ar leibhéal ard, an cumas daoine eile a spreagadh agus oibriú go héifeachtúil i meitheal
  • An Cumas feidhmiú go héifeachtúil i gcásanna lena mbaineann anó don cholainn agus cuid mhór brú

An Mheasúnacht a ghabhann le Comórtas Daltais

Rachaidh iarrthóirí faoi chineálacha éagsúla measúnachta, ina measc tástáil shíciméadrach, tástáil maidir le folláine na colainne, agallaimh bunaithe ar réimsí inniúlachta agus scrúdú dochtúra. Éileofar ar iarrthóirí a ghairmtear chun measúnachta Foirm Iarrthóra maidir le Grinnfhiosrúchán an Gharda a líonadh isteach agus a shíniú, foirm lena dtabharfar, de bhun Alt 8 den Acht um Chosaint Sonraí, 1988, údarás don Gharda Síochána ráiteas a chur ar fáil d’Óglaigh na hÉireann nár tharla roimhe seo an t-iarrthóir a chiontú i gcion nó ráiteas faoi na cionta inar ciontaíodh an t-iarrthóir más mar sin a tharla.

Réamhchoinníollacha/Cáilíochtaí

Tugtar cuntas achomair ar a n-éilítear maidir le hiarrthóirí i ngach comórtas faoi seach sna Téarmaí agus Coinníollacha a ghabhann le gach comórtas faoi leith. Ceadaítear na naisc thíos.

2026 Terms & Conditions

Buntáistí le Dul Isteach in Óglaigh na hÉireann

Foghlaimítear scileanna tairbheacha, cothaítear buanchairdeas agus déantar fónamh don Stát. Bíonn tairbhe as traenáil iontach, as deiseanna gairme agus an deis bearta sárfhiúntacha a dhéanamh in Éirinn agus thar lear.

Tuilleadh eolais le fáil thíos.

Daltas san Arm

Tá eolas as an bhfíseán seo faoin Móid a ghlacann dalta an lá a bhfaightear coimisiún. Feictear freisin cuid shamplach den traenáil a dtugann an dalta faoi.

Lá Ionduchtúcháin an 100ú Rang Daltaí

Tá lá ionduchtúcháin na ndaltaí le feiceáil sa bhfíseán seo. Feictear na daltaí agus a muintir ag teacht chuig Scoil na nDaltaí.

2026 Terms & Conditions