Riachtanais
Ceisteanna coitianta a dhéileálann le ceanglais d'Iarrthóirí a bhfuil sé ar intinn acu dul isteach in Óglaigh na hÉireann
Cén aois nach mór a bheith agam le liostáil le hÓglaigh na hÉireann?
Ní mór d'iarrthoirí ar sheirbhís ghinearálta san Arm nó san Aerchór a bheith os cionn 18 mbliana déag d'aois agus faoi bhun 25 bliana d'aois ar an dáta a mheasfar mar an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Ní mór d'iarrthóirí ar sheirbhís ghinearálta sa tSeirbhís Chabhlaigh a bheith os cionn 18 mbliana déag d'aois agus faoi bhun 27 bliana d'aois ar an dáta a mheasfar mar an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Ní mór d'iarrthóirí ar Phrintíseachtaí san Aerchór a bheith os cionn 18 mbliana déag d'aois agus faoi bhun 21 bhliain d'aois ar an dáta a mheasfar mar an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. I gcás pearsanra atá ar fónamh le hÓglaigh na hÉireann cheana féin, ní mór d'iarrthóirí a bheith os cionn 18 mbliana déag d'aois agus faoi bhun 23 bliana d'aois ar an dáta a mheasfar mar an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Ní mór d'iarrthóirí ar Dhaltas a bheith os cionn 18 mbliana déag d'aois agus faoi bhun 26 mbliana d'aois ar an dáta measta ag na téarmaí agus coinníollacha
An bhfuil Teastas na hArdteistiméireachta de dhíth orm chun iarratas a dhéanamh ar Sheirbhís Ghinearálta?
Cad a tharlaíonn má shuigh mé scrúduithe ar nós leibhéil O nó A seachas an Ardteistiméireacht (Daltais)?
Cad iad na riachtanais é thaobh airde?
An ndéantar scrúdú liachta agus tástáil fhisiciúil?
Tá sí cloiste agam go mbaineann Óglaigh na hÉireann Úsáid as Innúacs Corpmhaise (BMI)
mar bhealach chun cáilitheacht leighis a mheas. An féidir leat é seo a mhíniú?
Déantar BMI a ríomh leis an bhfoirme: meáchan (Cileagraim) roinnte ar airde (méadair) cearnaithe, i.e. Cg/m2, agus is treoirlíne ó de gharbhróimse mheáchan coirp i leith contóirtí áirithe sláinte a íosmhéadú.
Faoi 17: Déanfaidh an t-oifigeach scrúdaithe leighis measúnú ort ar mhaithe lena chinneadh go mbeadh nó nach mbeadh tá in ann déileáil le déine na traenála.
17 go 29: Tagann tú laistigh den raon atá inghlactha le haghaidh iontrála.
30 agus níos mó: Níl sé inghlactha le haghaidh iontrála in Óglaigh na hÉireann agus beidh tú rangaithe mar dhuine atá neamh-infheidhme ó thaobh na sláinte de.
*Tabhair ar aird, le do thoil, nach bhfuil an toradh BMI ach táscach agus go mbÃonn tionchar ag factóirà eile ar an toradh. Dá dteipfeadh i dtosach, mar shampla, ar imreoir rugbaí atá matánach ach ar bheagán airde sa BMI ansin bhainfí Úsáid as Triall Chomhdhéanamh Saille sa Chorp in áit na triallach BMI.
Léigh a tuilleadh faoi Aclaíochta Tástáil Oglaigh na hÉireann
An mbeidh orm dul thar lear?
An gá dom a bheith an-aclaí chun dul isteach sa tSeirbhís Chabhlaigh?
Ní gá. Níltear ag súil go mbeidh tú an-aclaí nuair a théann tu isteach. Déanfar measúnú aclaíochta mar chuid den phróiseas roghnaithe chomh maith le hagallamh agus le Measúnú Sláinte.
Léigh a tuilleadh faoi Aclaíochta Tástáil Oglaigh na hÉireann