We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Seirbhísí Teaghlaigh

Sa nua-aimseartha an lae inniu níl saol míleata i gcónaí éasca do dteaghlaigh , mar sin tá faisnéis sheirbhísí teaghlaigh úsáideach ag PSS a d'fhéadfadh a bheith cabhrach

An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Seirbhísí atá ar fáil Mionsonraí Teagmhála
Is comhlacht reachtúil é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus tugann sé tacaíocht i leith faisnéis, comhairle agus ionadaíocht a sholáthar i ndáil le raon leathan seirbhísí poiblí agus sóisialta. Teil:  0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9am go 8pm)

is féidir leat cuairt a thabhairt ar an Ionad Faisnéise do Shaoránaigh i do cheantar.
Idirlíon: www.citizensinformation.ie

Ionaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC)

Is eagraíocht neamhspleách ceart daonna í FLAC agus í tiomnaithe do rochtain chothrom ar cheartas a bhaint amach do gach uile dhuine. Chuige sin, téann sí i mbun feachtas a bhaineann le raon saincheisteanna ach, chomh maith leis sin, tairgeann sí roinnt bunseirbhísí dlí saor in aisce don phobal. Faoi láthair, díríonn FLAC a chuid oibre ar cheithre phríomhréimse: Cúnamh Dlíthiúil, Leas Sóisialach, Creidmheas & Fiachas agus an Dlí maidir le Leas an Phobail. Ionaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce,
13 Sráid Dorset Íochtarach,
Baile Átha Cliath 1,
Éire
Líne Faisnéise & Tarchuir: 1890 350 250
Teil: +353 1 8745690
Facs: +353 1 8745320
Idirlíon: www.flac.ie

Seirbhísí Teaghlaigh AIM

Eagraíocht dheonach is ea í AIM agus tairgeann sí seirbhís neamh-shainchreidmheach chomhairle, idirghabhála teaghlaigh agus dlí do lánúineacha agus do dhaoine aonair a bhfuil fadhbanna acu a bhaineann le cúrsaí pósta, le cúrsaí gaolmhaireachta agus le fadhbanna teaghlaigh. 64 Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 670 8363
Idirlíon: www.aimfamilyservices.ie

An tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh (FMS)

Is é atá in Idirghabháil Teaghlaigh ná seirbhís chun cabhrú le lánúineacha pósta agus neamhphósta a bhfuil cinneadh déanta acu idirscaradh nó colscaradh a lorg nó atá scartha óna chéile cheana féin. Ina theannta sin, is seirbhís í do thuismitheoirí nár chónaigh in éineacht lena chéile riamh ach a bhfuil leanbh acu agus nach mór dóibh socruithe tuismitheoireachta a chomhaontú. An Phríomh-Oifig
Sráid an Chalaidh,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí.
Teileafón: 066 947 1000 LoCall: 1890 615 200
Facs: 066 947 1035
Ríomhphost: info@legalaidboard.ie
Chun teagmháil a dhéanamh le FMS áitiúil, bain úsáid as an Nasc Seo

ACCORD

Tairgeann ACCORD seirbhís ghairmiúil chomhairle do lánúineacha agus do dhaoine aonair trína ligtear dóibh deacrachtaí a thagann chun cinn ina bpósadh & ina ngaolmhaireacht a scrúdú, machnamh a dhéanamh ar na deacrachtaí sin agus iarracht a dhéanamh na deacrachtaí sin a réiteach.

Oibríonn ACCORD 58 n-ionad ar fud na hÉireann agus tairgeann siad raon cuimsitheach seirbhísí tacaíochta.
Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin ACCORD chun tuilleadh mionsonraí a fháil:

www.accord.ie

Treoir

Is í Treoir an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise Speisialtóireachta do thuismitheoirí neamhphósta agus dá leanaí agus soláthraíonn an tseirbhís faisnéis shoiléir cothrom le dáta do thuismitheoirí nach bhfuil pósta ar a chéile agus do dhaoine atá bainteach leis na tuismitheoirí sin. 14 Gandon House,
Sráid an Mhéara Íochtarach,
IFSC, Baile Átha Cliath 1
LoCall: 1890 252 084
Teil: 00353 1 6700 120
Idirlíon: www.treoir.ie                                          
Ríomhphost: info@treoir.ie

Tusla

Ar an 1 Eanáir 2014, tháinig an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach chun bheith ina heintiteas neamhspleách dlíthiúil ina gcuimsítear Seirbhísí Leanaí & Teaghlaigh FSS, an Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh agus an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais agus, chomh maith leis sin, tá roinnt seirbhísí síceolaíochta ann mar aon le raon seirbhísí a dhéileálann le foréigean baile, gnéasach agus inscne-bhunaithe.
Is í an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach an tsainghníomhaireacht Stáit ar a bhfuil freagracht i ndáil le feabhas a chur ar leas leanaí agus ar thorthaí cásanna a bhaineann le leanaí.  Is ionann bunú na gníomhaireachta agus an t-athchóiriú is cuimsithí a rinneadh riamh in Éirinn ar sheirbhísí cosanta leanaí, luath-idirghabhála agus tacaíochta teaghlaigh.

An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach,
Bloc D,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8.

Teil: 01 6352854

idirlíon: ww.tusla.ie

Ríomhphost: info@tusla.ie