We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Andúil - Tacaíochtaí i leith Mí-Úsáid Alcóil agus Drugaí

Liostaithe laistigh is iad sonraí teagmhála atáden sheirbhísí a dhéileálann le mí-úsáid alcóil agus drugaí

Seirbhísí Andúile Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Seirbhísí atá ar fáil Mionsonraí Teagmhála
Tugann Seirbhísí Andúile FSS tacaíocht maidir le raon comhtháite seirbhísí coisctheacha, teiripeacha agus athshlánúcháin a sholáthar d’fhonn freastal ar riachtanais sláinte agus cúraim shóisialta ár gcuid úsáideoirí seirbhíse, rud a dhéantar ar mhodh cuntasach, sorochtana agus cothrom. Líne Chabhrach maidir le Drugaí agus Alcól: 1800 459 459
Idirlíon: www.drugs.ie

Alcoholics Anonymous/Alcólaigh Gan Ainm

Comhlacht fear agus ban is ea é Alcólaigh Gan Ainm agus comhroinneann siad a gcuid eispéireas, a neart agus a ndóchas lena chéile agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach dá gcomhfhadhb agus cabhrú le daoine eile an t-alcólachas a chur díobh. Idirlíon: www.alcoholicsanonymous.ie  

Al-Anon

Tairgeann Al-Anon tuiscint agus tacaíochta do theaghlaigh agus do chairde daoine a bhfuil fadhb óil acu i dtimpeallacht anaithnid, cibé acu atá, nó nach bhfuil, an t-alcólach ag ól fós. Ionad Eolais Al-anon
Seomra 5,
5 Sráid Chéipil,
Baile Átha Cliath 1
Éire
Uaire Oscailte: 10.30 am - 2.30pm Mon - Fri
Fón : ++353 1 8732699
Ríomhphost : info@al-anon-ireland.org

Alateen

Comhlacht de chuid Al-Anon is ea é Alateen agus is seirbhís do dhaoine óga í san aoisghrúpa 12 - 17 go huile, ar daoine óga iad atá ag iarraidh déileáil le duine ag a bhfuil fadhb óil. Chun teacht ar eolas faoi Al-Anon/Alateen i gContae Chorcaí, déan teagmháil le:
Bosca Poist 55
An Tóchar,
Corcaigh
Fón : ++ 353 21 4311899

Gamblers Anonymous/Cearrbhaigh Gan Ainm

Comhlacht fear agus ban (G.A.) is ea é Cearrbhaigh Gan Ainm agus comhroinneann siad a gcuid eispéireas, a neart agus a ndóchas lena chéile agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach dá gcomhfhadhb agus cabhrú le daoine eile an cearrbhachas a chur díobh. Is é an t-aon cheanglas amháin i leith ballraíochta ná fonn ar dhuine éirí as an gcearrbhachas. Baile Átha Cliath: 01-8721133
Corcaigh: 087-2859552
Gaillimh: 086-3494450
Tiobraid Árann: 085-7831045
Port Láirge: 087-1850294
Port Láirge: 086-2683538
Idirlíon: www.gamblersanonymous.ie
Ríomhphost: info@gamblersanonymous.ie

Narcotics Anonymous/Támhshuanaigh Gan Ainm

Is comhlacht neamhbhrabúis fear agus ban é Támhshuanaigh Gan Ainm (NA) agus baineann sé le daoine a bhfuil drugaí tar éis teacht chun bheith ina mórfhadhb dóibh. Is andúiligh sinn atá ag téarnamh agus tagaimid le chéile go tráthrialta chun cabhrú lena chéile staonadh ó dhrugaí a úsáid. Irish Region of Narcotics Anonymous
Narcotics Anonymous Ireland,
29 Sráid Bhríde,
Baile Átha Cliath 8.
Teil: +353 (0)1-6728000 (líne eolais amháin)
Idirlíon: www.na-ireland.org
Ríomhphost: info@na-ireland.org