Skip to main content

An Lá Cuimhneacháin Náisiúnta

Déantar comóradh in Éirinn ar na hÉireannaigh uile, fir agus mná, a fuair bás i gcogadh nó ar fónamh leis na Náisiúin Aontaithe, ar an Lá Cuimhneacháin Náisiúnta, an Domhnach is gaire don 11 Iúil, cothrom an lá sa bhliain 1921 ar síníodh an sos cogaidh a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse. Is iondúil an príomhshearmanas a eagrú ag an Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath.

Bíonn an tUachtarán, an Taoiseach agus Airí Rialtais eile, Teachtaí Dála agus Seanadóirí, an Chomhairle Stáit, an Cór Taidhleoireachta, Breithiúna, gaolta le ceannairí Éirí Amach 1916, neasghaolta dhaoine a d'éag agus iad ar fónamh leis na Náisiúin Aontaithe, ionadaithe as Tuaisceart Éireann agus réimse leathan de mhuintir an phobail, seanóglaigh ina measc, i láthair ag na searmanais mhíleata agus chreidimh.

Rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann

Bíonn daoine d'Óglaigh na hÉireann, mar seo a leanas, páirteach sa searmanas:

  • Oifigeach i gCeannas (OIC) na Paráide, Leifteanantchornal agus Maorsháirsint
  • Coimhdeacht Onóra an Chaptaein
  • Garda Onóra an Chaptaein
  • Banna an Airm
  • Píobairí
  • Garda Onóra Scoil na nDaltaí
  • Foreitilt PC 9
  • Póilíní Airm taca x 8
  • Bratoifigeach
  • Iompróirí Fleasc x 2
  • An Bhratach Náisiúnta (1 x Capt)
  • Oifigigh Bhratacha Reisiminte (1 x Oif. Sóisearach)

Cúrsa an tSearmanais

Tagann na buíonta agus Garda Onóra an Chaptaein le chéile agus máirseáiltear ar paráid os comhair Banna Uimhir 1 an Airm agus na Píobairí. Tagann an Bhratach Náisiúnta agus na Bratacha Reisiminte ar paráid, ar leithligh uathu sin, ar láthair na paráide nóiméid bheaga sula gcuirtear tús leis an searmanas ina iomláine.

Fáiltiú roimh an Taoiseach

A luaithe a bhíonn na trúpaí ar paráid, riartar an fáiltiú don Taoiseach. Tugann an DCOS Ops agus an DCOS Sp an Taoiseach chuig láthair na paráide mar a ndéanann Garda Onóra an Chaptaein Onóracha Míleata a fhearadh air.

Fáiltiú roimh an Uachtarán

Tagann an tUachtarán, i láthair ag an searmanas faoi choimhdeacht Choimhdeacht Onóra an Chaptaein, mar a mbíonn an COS agus an GOC 2 E Bde roimhe d'fhonn a thabhairt chuig ionad ar aghaidh Bhratacha Reisiminte Gharda Onóra an Chaptaein. Feartar Onóracha Míleata ar an Uachtarán agus tugtar cuireadh don Uachtarán an Garda Onóra a iniúchadh.

An Príomhshearmanas

Ar an bhfáiltiú don Uachtarán agus iniúchadh an Gharda Onóra a thabhairt chun críche, fágann an Garda Onóra láthair na paráide. Tugann an tUachtarán cuireadh don Chléir tús a chur leis an tseirbhís urnaí.

Nuair a bhíonn an tSeirbhís Urnaí Idirchreidmheach thart, tugann Ceannasaí na Paráide an pharáid ar aire agus ordaítear Garda Onóra Scoil na nDaltaí ar Paráid leis na focail SCOIL NA nDALTAí AR PARíID. Nuair a bhíonn Garda Onóra Scoil na nDaltaí ar paráid tugtar an t-ordú "Aisiompaigh Airm" dóibh.
Leagann an tUachtarán fleasc agus leanann Nóiméad Ciúnais sin agus seinneann Banna an Airm an Ghairm Deiridh. An tráth sin, crochtar an Bhratach Náisiúnta go Barr an Chrainn, seinneann Banna an Airm Reveille agus tairgíonn Garda Onóra Scoil na nDaltaí airm.

Tugtar an searmanas chun críche le seinm an Amhráin Náisiúnta agus críochnaíonn foreitilt árthaigh PC9 an Aerchóir le nótaí deiridh an Amhráin Náisiúnta.