We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

Dunadh Boithre ATOÉ

Déanann an Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann (DFTC), mar chuid den oiliúint leanúnach, cleachtais láimhseála beo ar siúl ar Raon Uimh.3 a mbeidh gá le dúnadh sealadach de 1.6km ar an mBóthar Hollow

Beidh na Fórsaí Cosanta san Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann ag tabhairt faoi chleachtaí lámhaigh ar Raon Uimhir a 3 ó am go ham, mar chuid de thraenáil leanúnach. Fágfaidh na cleachtaí seo gur gá 1.6 km de Bhóthar an Loig a dhúnadh go sealadach mar chuid de dhiansmacht agus bearta sábháilteachta a chuirtear i bhfeidhm de réir Alt 274 de na hAchtanna Cosanta.

Glacann Óglaigh na hÉireann gach beart is riachtanach chun sábháilteacht an phobail a chinntiú agus piléir á scaoileadh acu ar a raonta lámhaigh. Tá malairt bealaí san áit agus tá saighdiúirí míleata ar garda ar Bhóthar an Loig chun comhairle a chur ar dhaoine maidir le cor bealaigh ar féidir leo a chur orthu féin.

Tabhair do d'aire go bhféadfadh dátaí breise a bheith i gceist. I ngach cás, nuair a chuirtear dáta breise leis an liosta, déanfar sin, ar a laghad, 48 uair an chloig sula ndúnfar an bóthar féin go sealadach. Tabhair do d'aire freisin go bhféadfadh go gcuirfí ar ceal Cleachtaí Lámhaigh agus dúnadh sealadach an bhóthair dá réir.

Eolas Ginearálta

Is Bóthar Poiblí é Bóthar an Loig. 1.6km de Bhóthar an Loig atá le dúnadh mar chuid de bhearta sábháilteachta a chuirtear i bhfeidhm nuair a bhíonn Raon Uimhir a 3 á úsáid.

D'fhonn aon chur isteach ar mhuintir na háite agus ar an trácht scoile/oibre a mhaolú, ní dhúnfar Bóthar an Loig ach amháin idir 10am agus 2pm ar na laethanta a mbeidh Raon Uimhir a 3 á úsáid.

Dátaí Deimhnithe

Beidh Cleachtaí Lámhaigh ar siúl in Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann (ATOÉ) ar Raon Uimhir a 3 ar na dátaí seo a leanas:

  • 9ú, 10ú & 11ú Eanair 2024 ó 0930uac do dtí 1630uac gach lá