We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

An Chartlann Mhíleata

Seachas a bheith ag freastal ar riachtanais fhianaiseacha, dlíthiúla agus oidhreachta Óglaigh na hÉireann agus na Roinne Cosanta, is féidir le Cartlann Mhíleata seirbhísí poiblí a chur ar fáil i leith speictream leathan spéiseanna

An Chartlann Mhíleata

Is é misean na Cartlainne Míleata ná oidhreacht dhoiciméadach Óglaigh na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal.

Seachas a bheith ag freastal ar riachtanais fhianaiseacha, dlíthiúla agus oidhreachta Óglaigh na hÉireann agus na Roinne Cosanta, is féidir le Cartlann Mhíleata seirbhísí poiblí a chur ar fáil i leith speictream leathan spéiseanna, ó cheisteanna faoi stair mhuintire go taighde acadúil, go hábhar le haghaidh clár faisnéise teilifíse agus raidio. I measc na seirbhísí a d’fhéadfadh spéis ar leith a bheith agat iontu tá:

  • Stair mhuintire agus ginealas
  • Áiseanna le haghaidh taighde acadúil agus taighde léannta.
  • Cúnamh do na meáin, d’institiúidí cultúrtha, do ghrúpaí staire áitiúla agus do chumainn acadúla

Is í an Chartlann Mhíleata áit taisce aircíví Óglaigh na hÉireann, na Roinne Cosanta agus Bhord Pinsean an Airm, de réir fhorálacha an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986. Is éard is aircíví ann ná taifid a bhfuil tábhacht ar leith iontu, taifid a mheastar, ar iliomad fáthanna, go bhfuil luach buansheasmhach ag baint leo.

Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata

Is éard atá i mBailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata na bailiúchán ar leithligh de thaifid, chomhaid, léarscáileanna, tarraingtí agus léaráidí. Baineann na comhaid go príomha le hiarratais a rinne daoine aonaracha agus/nó a gcuid cleithiúnach go mbronnfaí pinsin agus aiscí i leith iarchomhaltaí a bhí ar fiannas mar bhaill d’Óglaigh na hÉireann, d’Arm Cathartha na hÉireann, d’Arm Phoblacht na hÉireann, de Chumann na mBan, den Arm Náisiúnta/Óglaigh na hÉireann agus d’eagraíochtaí ainmnithe eile dá leithéad, nó a maraíodh nó a gortaíodh agus iad ar dualgas le linn na tréimhse Aibreán agus Bealtaine 1916 go dtí 30 Meán Fómhair 1923.

Biúró na Staire Míleata (1913-21)

Áis iontach a chuimsíonn 1773 ráiteas ó fhinnéithe, 334 tacar doiciméad comhaimseartha (a chuimsíonn nithe ar nós dialanna, paimfléid, griangraif, litreacha, teachtaireachtaí, tarraingtí agus léiríní, postaeir, cáipéisí dlí, giotaí as nuachtáin, foilsiúcháin chuimhneacháin agus ábhair ghearrshaolacha éagsúla), 42 bailiúchán ar leith grianghraf, 210 griangraf de shuíomhanna comhraic le linn Sheachtain na Cásca a thóg an tAerchór níos déanaí, 12 taifead gutha agus bailiúchán ghearrthóg nuachtáin.
Bailiúcháin As Líne

Coinníonn an Chartlann Mhíleata mórthoirt shuntasach ábhar ar cuid fíor-thábhachtach í den chur síos ar stair na hÉireann sa 20ú aois. Tá ocht suíochán sa seomra léitheoireachta sa Chartlann Mhíleata agus tá an seomra sin le fáil thíos staighre sa bhfoirgneamh cartlainne. Déan coinne chun d’áit a chinntiú agus tabharfaimid cúnamh duit chun an áis fíor-iontach seo a thaiscéaladh. Faoi láthair bíonn an seomra léitheoireachta ar oscailt ó 1000uair to 1600uair, Máirt go Déardaoin (an dá lá san áireamh).

Sonraí Teaghmhála

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Rannóg Chartlann Mhíleata Óglaigh na hÉireann ar na modhanna seo a leanas:

An Chartlann Mhíleata
Seoladh:

Oifigeach i gCeannas,
An Chartlann Mhíleata,
Dún Chathail Bhrugha,
Ráth Maonais
Baile Átha Cliath 6.

Oifig: + 00 353 1 8046457
Leathráin Greásáin www.militaryarchives.ie
Ríomhphost: militaryarchives@defenceforces.ie