We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

MAINBANNER 2

Leas-Cheann Foirne, Tacaíocht

Beathaisnéis don Leas-Cheann Foirne Tacaíochta, an Maor-Ghinearál Colm Ó Luasa

Is é an Maor-Ghinearál Colm Ó Luasa Leas-Cheann Foirne Tacaíochta Óglaigh na hÉireann. Sa ról seo, tá an Maor-Ghinearál Ó Luasa freagrach as an Rannán Tacaíochta in Óglaigh na hÉireann.

Tá breis agus 39 bliain seirbhíse ag an Maor-Ghinearál Ó Luasa agus is é Stiúrthóir na hOifige um Bainistíocht Claochlaithe ó Bhealtaine 2021 i leith, áit a raibh sé freagrach as comhordú chur i bhfeidhm chlár tionscadal an Choimisiúin um thionscadail Óglaigh na hÉireann. D'oibrigh an Maor-Ghinearál Ó Luasa roimhe seo mar Stiúrthóir ar an mBrainse Tacaíochta Comhraic agus ISTAR chomh maith le hOifig Gnóthaí Cúltaca a bhunú. D'fhóin sé i réimse rólanna ar fud Óglaigh na hÉireann chomh maith le himscaradh leis na Náisiúin Aontaithe, an AE agus NATO. I measc a thaithí thar lear tá imscaradh chuig an Liobáin, Tíomór Thoir, an Libéir agus an tSiria leis na Náisiúin Aontaithe, chuig an gCosaiv le KFOR agus mar Oifigeach Idirchaidrimh chuig Misean Oiliúna an AE sa tSomáil.

Le linn a shlí bheatha, d’fhóin an Maor-Ghinearál Ó Luasa sa 4ú Scuadrún Marcra, i Sciathán Rangers an Airm, sa Bhrainse Pleanála Straitéisí, sa Stiúrthóireacht Oiliúna agus Oideachais agus mar Chúntóir Míleata don Cheann Foirne. I measc cháilíochtaí oideachais an Mhaor-Ghinearál Ó Luasa tá Baitsiléir Tráchtála ó OÉG, MA i mBainistíocht Ceannaireachta agus Staidéir Cosanta ó OÉM, cúrsa Ardleibhéil sa Bheartas Slándála agus Cosanta Comhchoiteann agus le déanaí Dioplóma gairmiúil in Athrú agus Claochlú Eagraíochtúil ó Scoil Ghnó Smurfit, UCD. Is céimí de Chúrsa Sinsearach Ceannais agus Foirne Óglaigh na hÉireann (2008) é an Maor-Ghinearál Ó Luasa.

Is as Corcaigh ó dhúchas é an Maor-Ghinearál Ó Luasa agus tá cónaí air i gCill Dara lena theaghlach faoi láthair. Tá sé pósta le Ciara agus tá ceathrar clainne acu, Pádraig, Tadhg, Cathal agus Oisín.

Oifigeach Poiblí Ainmnithe faoin Acht um Rialáil Stocaireachta 2015 – féach www.lobbying.ie