We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

MAINBANNER 2

Ceann Foirne Cúnta

Beathaisnéis don Leas-Cheann Foirne, an Briogáidire-Ghinearál Neil Nolan

Ceapadh an Briogáidire-Ghinearál Neil Nolan mar Leas-Cheann Foirne ag an Aire Cosanta agus Rialtais i mí na Samhna 2025.
Dúchasach de Chontae an Chláir é an Briogáidire-Ghinearál Nolan, agus is oifigeach coisithe gairmiúil é a bhfuil breis agus 35 bliain de thaithí aige i réimse rólanna ar fud Óglaigh na hÉireann chomh maith le himscaradh leis na Náisiúin Aontaithe, NATO agus an AE.
Ba é ceapachán is déanaí an Bhriogáidire-Ghinearál Nolan ná Stiúrthóir ar oifig Dearadh Fórsa an Airm agus é freagrach as pleanáil agus dearadh struchtúr agus cumais an Airm amach anseo. Roimh a ról reatha, d'fhóin sé mar Stiúrthóir Coisithe Óglaigh na hÉireann. D'fhóin an Briogáidire-Ghinearál Nolan i gceapacháin cheannais lena n-áirítear an 2ú Cathlán Coisithe, an 5ú Cathlán Coisithe agus an 28ú Cathlán Coisithe. D'fhóin sé freisin mar Oifigeach Preasa Óglaigh na hÉireann agus mar Oifigeach Feidhmiúcháin ar Bhrainse na nAcmhainní Daonna. Áirítear ar a thaithí thar lear imscaradh chuig an Liobáin, Sead, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus an Chosaiv. I measc cháilíochtaí oideachais an Bhriogáidire-Ghinearál Nolan tá Baitsiléir Tráchtála ó OÉ Gaillimh, MA i gCeannaireacht, Bainistíocht & Staidéar Cosanta ó Ollscoil Mumbai, MSc i gCeannaireacht AD, Dioplóma san Athrú agus sa Chlaochlú agus Dioplóma Gairmiúil i bhForbairt Straitéise & Nuálaíocht ó Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit, UCD. Is céimí de Chúrsa Ceannais & Foirne Óglaigh na hÉireann é. Tá an Briogáidire-Ghinearál Nolan pósta le June agus tá leanbh amháin acu, Liam.

Oifigeach Poiblí Ainmnithe faoin Acht um Rialáil Stocaireachta 2015 – féach www.lobbying.ie