We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

An Méid a Gheallaim

Is fútsa a bheidh sé an t-am a chur isteach ach is fiú an tairbhe an trioblóid

Tuiscint ar an méid ama a bheidh i gceist

Is fútsa go príomha atá sé a chinneadh cé mhéad ama is féidir leat a thabhairt d'Fhórsa Cúltaca an Airm. Ach mar sin féin, bímid ag lorg Cúltacairí a gheallann ar a laghad 7 lá oiliúna lánaimseartha íoctha agus 48 n-uaire seirbhíse deonaí in aghaidh na bliana.

Cineálacha Traenála

Oícheanta Paráide

Go hiondúil, beidh tráthnóna amháin i lár na seachtaine ag láthair an aonaid ina gcuirfear seisiún traenála 2 uair an chloig ar fáil. Is ionann oíche paráide agus 2 uair an chloig i leith na sprice 48 n-uaire traenála deonaí inmhianta.

Laethanta Mustair

Féadfaidh Cúltacaire bheith ag súil le dul i mbun traenála deireadh seachtaine amháin sa mhí, athraíonn an gealltanas ama idir 1 agus 2 lá ag brath ar an gclár traenála nó cúrsa a bhfuil an Cúltacaire ag tabhairt faoi.

Is tréimhsí traenála deonacha iad Laethanta Mustair a áirítear mar 4 huaire i leith na sprice íosmhéide bliantúla 48 n-uaire traenála inmhianta. 

Traenáil Lánaimseartha

Is ionann imeacht traenála íoctha agus traenáil lánaimseartha a bhuntacaítear ag siollabas traenála faofa. Braitheann rátaí pá ar chéim agus ar cháilíocht theicniúil.

Féadann gach tréimhse traenála maireachtáil suas le 24 uaire agus áirítear é mar lá amháin i leith na sprice íosmhéide de 7 lá traenála lánaimseartha ina aghaidh na bliana.

Nuair a dhéantar tréimhsí traenála a sceidealú thar roinnt laethanta nó thar oíche, déanfaidh Óglaigh na hÉireann iarracht bia agus cóiríocht a chur ar fáil.