LÉ Samuel Beckett P61
Léigh roinnt faisnéise agus tréithe an LÉ Samuel Beckett
An L.É. Samuel Beckett an tírthach Patróil Eischósta is déanaí atá againn agus tá sí níos faide agus níos nua-aimseartha ná mar a bhí RÓISÍN, a dhear agus a thóg Babcock Marine Appledore de réir sonraíochtaí a thugamar dóibh. Is long úrscothach amach is amach í. Tá sí tógtha agus feistithe de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde ó thaobh sábháilteachta, suiteál trealaimh, nuáil teicneolaíochta agus compord an chriú.Tá sí déanta le dúshláin an Atlantaigh Thoir Thuaidh a sheasamh freisin.
Ainm na Loinge
Ócáid mhór i gcónaí is ea ainm a thabhairt ar árthach de chuid na seirbhíse cabhlaigh toisc gur dá réir a leanann carachtar agus spiorad na loinge. Pé áit a rachaidh an long, pé calafort ar a dtabharfaidh sí cuairt, cuimhneoidh na daoine a thugann cuairt uirthi nó a fheiceann í ar a hainm i gcónaí. An traidisiún a bhí ann go dtí seo ná gur ainmníodh árthaigh na Seirbhíse Cabhlaigh i ndiaidh pearsana as miotaseolaíocht na hÉireann. Athrú ar an traidisiún sin é an LÉ SAMUEL BECKETT a thabhairt ar long, de bharr gurb é seo an chéad uair a bhfuil long de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh á ainmniú i ndiaidh drámadóir agus údar Éireannach a bhfuil cáil air ar fud an domhain.
Úrscéalaí, drámadóir, agus stiúrthóir amharclainne ab ea Samuel Beckett, a scríobh i bhFraincis chomh maith leis an mBéarla. Bronnadh Duais Nobel don Litríocht air i 1969 agus i measc an méid a d’fhág sé le huacht bhí saothair i mBéarla agus i bhFraincis, mar shampla Fin de Partie, Krapp’s Last Tape agus an saothar is cáiliúla ar fad, is dócha, an dráma Waiting for Godot.
| Saintréithe na Loinge | |
| Cineál | Árthach Patróil Eischósta |
| Fad | 90.0m |
| Bíoma | 14m |
| Snámh | 3.8m |
| Príomhinnill | 2 x inneall díosail Wärtsilä agus Glacadh Isteach Cumhachta, 2 x sheafta, 10000kw |
| Luas | 23 chnota |
| Criú | 44 |
| Armáin ar Bord | 1 x Chanóin 76mm OTO Melara 2 x Chanóin 20mm Rh202 Rheinmetall 2 x Mheaisínghunna 12.7mm 4 x Mheaisínghunna Ilfhóinteach 7.62mm |