We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

LÉ Róisín P51

Léigh roinnt faisnéise agus tréithe an LÉ Róisín

Tógadh an L.É. RÓISÍN (an chéad ceann den aicme RóisÍn) don tSeirbhís Chabhlaigh in Appledore Shipyard  sa Bhreatain. Bhí innealtóirí na Seirbhíse Cabhlaigh páirteach i ngach céim dá tógáil. Tógadh í ar mhúnla a bhainfeadh an leas is fearr as a cumas ar uiscí na hÉireann (atá ar na cinn is gairbhe sa domhan) ar feadh na bliana go léir. Dá bharr sin, roghnaíodh níos mó faid a bheith inti (78.8m), rud a chuireann cuma fada caol uirthi agus a cheadaíonn feabhas a chur ar na coinníollacha ar bord dá criú. Ar na saoráidí atá ar bord tá breis cóiríochta príobháidí, ionad aclaíochta agus ionaid athraithe/stórála d’fhoirne ag dul ar bord.

Ainm na Loinge

Cé go n-úsáidtear Róisín nó Róisín Dubh go hiondúil anois mar fháthchiall d’Éirinn, meastar go raibh sí ar dhuine d’iníonacha Aoidh Rua Uí Néill, Iarla Thír Eoghain i ndeireadh an 16ú céad. Ar aon dul le cuid mhaith de mhná uaisle na linne sin bhí sí siúd pósta roinnt uaireanta agus í fós an-óg. Meastar go raibh sí pósta le Aodh Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill, agus ag am eile le Ó Catháin as Inis Eoghain. Ní raibh aon rud neamhghnách faoi na póstaí ríshliochta sin agus faoi Dhlí na hÉireann is gnó tuata go hiomlán a bhí sa phósadh, gan aon bhaint ag an eaglais leis.
Tá an dán Róisín Dubh ar cheann de na dánta sin a chuala gach duine, geall leis, ach is minic gur beag a léann é. Is ionann agus cinnte gur dán grá é do bhean éigin agus nach teibíocht faoin mbean idéalach nó fáthchiall den tír atá i gceist ann. Ní raibh aon rud neamhghnách faoi dhánta den chineál sin san 18ú agus sa 19ú aois, ach tá an cur síos atá in ‘Róisín Dubh’ an-difriúil uathu sin. Bíonn na dánta eile ag tabhairt moladh go hiondúil d’áilleacht agus do chrógacht na mná a bhíonn á moladh, ach ní léirítear riamh iontu an dúil chollaíochta atá le fáil sa dán seo.

Saintréither na Loinge
Cineál Árthach Fada Patróil Eischósta
Fad 78.84m
Bíoma 14m
Snámh 3.8m
Príomhinnill 2 X Dhá Dhíosail mheánluais 16 sor V26 Wartsila 26 5000 KW ag 1,000 RPM 2 Sheafta
Luas 23 chnota
Réimse 6000 Muirmhíle @ 15 chnota
Criú 44 (6 Oifigeach)
Coimisiúnaithe L.É. RÓISÍN 15 Nollaig 1999
L.É. NIAMH 18 Meán Fómhair 2001

Armáin ar Bord
Príomharmáil Canóin 76mm OTO Melara Córas Rialaithe Lámhaigh Radamec
Armáil Thánaisteach 2 Chanóin 20mm Rheinmetall Rh202
2 Inneallghunna Throma 12.7mm

Mionarmáin
Mionarmáin éagsúla ó:
Piostal 9mm go dtí Inneallghunna Ilfhóinteach 7.62mm