Skip to main content

An Scoil Coisithe

Traenáilimd Ceannairí (We Train Leaders)

Is é ról na Scoile Coisithe, laistigh dá trí sciathán cumaisc, ná na leibhéil is airde oideachais agus traenála míleata a chur ar fáil d’Oifigigh agus d’Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe Óglaigh na hÉireann. Soláthraíonn an Scoil Coisithe saintraenáil gairme i leith armán coisithe agus cúrsaí foirne le haghaidh Oifigeach agus Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe, de réir fhoirceadal reatha Óglaigh na hÉireann (DF) ar mhaithe leis na scileanna gairmiúla iomchuí a thabhairt dóibh chun a gcuid ról sannta a chomhlíonadh go héifeachtach laistigh den Stát agus ar imscartha thar lear ag leibhéil oirbheartaíochta agus oibríochta.

Ina theannta sin bíonn ról lárnach ag an Scoil Coisithe taighde agus measúnú a dhéanamh ar fhoirceadal an Chóir Choisithe, ar oirbheartaíocht agus ar threalamh Óglaigh na hÉireann agus seimineáir rialta oibríochta agus traenála a óstú le haghaidh Oifigeach agus ONC in Óglaigh na hÉireann, chomh maith le Freachnaimh Ullmhachta Misin (MRE) a phleanáil, a réiteach agus a reáchtáil chun acmhainneacht oibríochta na n-aonad a mheasúnú roimh imscaradh dóibh thar lear.

Cothaíonn an Scoil Coisithe timpeallacht ghníomhach foghlama agus forbartha le haghaidh mac léinn agus foirne araon ar mhaithe le forbairt a ngealladh iomlán a thacú agus a éascú dóibh.

Féachann an Scoil Coisithe i gcónaí le cumais agus acmhainneacht ceannaireachta na foirne agus na mac léinn araon a mheasúnú agus a fheabhsú agus le croíluachanna Óglaigh na hÉireann, — meas, dílseacht, neamhleithleachas, crógacht, misneach mórálta agus ionracas — a spreagadh iontu.

Fís

Is í fís na Scoile Coisithe ná ceannairí sóisearacha a fheistiú leis na scileanna agus na hinniúlachtaí gairmiúla iomchuí trí thimpeallacht oideachais a chur ar fáil atá solúbtha, inoiriúnaithe, agus nuálach agus a chuireann ar chumas Oifigeach agus ONC oibriú i dtimpeallachtaí ilchineálacha, dinimiciúla agus dúshlánacha sa bhaile agus thar lear araon.

Príomhghníomhaíochtaí

Tá an Scoil Coisithe roinnte ina trí sciathán agus tá réimse freagrachta difriúil ag gach ceann.

Sciathán Traenála Oifigeacha

Reáchtálann an Sciathán Traenála Oifigeach (OTW) cúrsaí gairme, cúrsaí foirne, seimineáir agus gníomhaíochtaí gaolmhara tír-raoin agus oirbheartaíochta d'Oifigigh Shóisearacha Óglaigh na hÉireann ar mhaithe lena gcuid scileanna gairmiúla a fhorbairt agus iad a chur in oiriúint le haghaidh ceapachán ceannais agus foirne chomh hard le leibhéal cathláin sa bhaile nó thar lear agus le haghaidh ceapachán gaolmhar le fórsaí ilnáisiúnta. Seo a leanas achoimre ar na Cúrsaí Gairme Oifigeach Sóisearach atá á reáchtáil ag OTW:

  • Cúrsa Ceannais agus Foirne Sóisearach (JCSC)
  • Cúrsa Óg-Oifigeach Coisithe
  • Cúrsaí Gairme Oifigigh RDF
  • Freachnaimh Ullmhacht Misin (MREs)

Sciathán Traenála Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe

Misin

An Cór Oifigeach Neamhchoimisiúnta a oiliúint, a thraenáil agus a spreagadh chun bheith ina gceannairí ag a bhfuil carachtar láidir agus inniúlacht ghairmiúil, agus iad tiomanta i leith Luachanna Óglaigh na hÉireann.

Is é atá sa chroí-ghníomhaíocht a chuirimid i gcrích ná cúrsaí gairmréime a sheoladh d’Oifigigh Neamhchoimisiúnta d’fhonn an t-eolas riachtanach maidir le cúrsaí ceannaireachta agus oirbheartaíochta a thabhairt dóibh le go mbeidh siad in ann dul ar aghaidh chuig céimeanna níos airde. Cloímid le fealsúnacht ‘ceannas misin’ agus féachaimid le hOifigigh Neamhchoimisiúnta a chumhachtú. Tugaimid féinmhuinín agus inniúlacht ghairmiúil dóibh, ar nithe iad sin a chumasaíonn dóibh dul i gceannas ar a meitheal oibre agus oibriú de réir intinn a gceannasaí, agus tionscnaimh dhochta á gcur i bhfeidhm d’fhonn deiseanna a shaothrú ar mhaithe le rath an mhisin.

Seo a leanas na cúrsaí NCOTW:

  • Cúrsa le haghaidh Ábhar Oifigigh Neamhchoimisiúnta
  • Gnáthchúrsa d’Oifigigh Neamhchoimisiúnta maidir le gach Armán
  • Cúrsa do Sháirsintí Buíne Coisithe
  • Cúrsa d’Oifigigh Shinsearacha Neamhchoimisiúnta
  • Cúrsa Cóitseála maidir le Lámhach Comhraic

Sciathán na nArmán Coisithe

Soláthraíonn Sciathán na nArmán Coisithe (IWW) an t-oideachas, eolas, scil agus traenáil mhíleata is gá le haghaidh Oifigeach agus ONC ar mhaithe len iad a cháiliú ina dteagascóirí armán agus bheith in ann armáin a úsáid i ngach céim cogaíochta agus bheith inniúil chun traenála agus chun orduithe a thabhairt ag a leibhéil faoi seach laistigh d’Óglaigh na hÉireann agus le fórsaí idirnáisiúnta agus le misin. Seo a leanas achoimre ar na cúrsaí agus na gníomhaíochtaí atá á reáchtáil in IWW:

  • Oifigigh agus ONC a thraenáil go leibhéal Teagascóra
  • Oifigigh a chailiú mar Cheannasaithe Buíne le haghaidh buíonta
  • Chomplacht Tacaíochta
  • ONC a cháiliú mar Sháirsintí Buíne, mar Cheannasaithe Teascóige agus
  • Díorma agus mar Theagascóirí Armán le haghaidh buíonta Chomplacht Tacaíochta.
  • Pearsanra a thraenáil/a cháiliú chun cleachtais lámhaigh bheo a mhaoirsiú/reáchtáil
  • Oifigigh agus ONC a thraenáil chun ceapacháin i gComplacht Armán a líonadh le haghaidh Oibríochtaí Tacaíochta Síochána (PSO)
  • Comhchruinniú/Comórtas Armán Tacaíochta Óglaigh na hÉireann a eagrú agus a reáchtáil
  • Tástáil le haghaidh Suaitheantas Naoscaire Óglaigh na Éireann a reachtáil
  • Seimineáir a reáchtáil — Moirtéar/Naoscaire/Fritharmúir/Complacht Tacaíochta
  • Lámhleabhair Armán, Siollabais Traenála agus Treoracha a Scríobh
  • Maoirsiú ar lámhach Armán Tacaíochta agus LFTT
  • Faireachán ar chaighdeáin traenála
  • Taighde, measúnú agus tástáil ar threalamh
  • Taispeántais Armán/Trealamh — Scoileanna/Cuairteoirí
  • Ag cuidiu le freachnaimh Aonad/MRE