We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

AIRCORPS1

Pilatus PC-9M

Eolais faoin Pilatus PC-9M

Seacht n aerárthach Pilatus PC-9M atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh na haerárthaí sin i mbun seirbhíse sa bhliain 2004 agus is iad na príomhaerárthaí traenála iad do phíolótaí an Aerchóir.

Tá pacáiste cuimsitheach eitleonaice lán tandam-acmhainneach VFR/IFR feistithe ar an PC-9M do chúrsai aerloingsoireachta, cumarsáide agus sainaithinte, agus trealamh úrscothach in úsáid. Eitleonaic nua-aimseartha atá sa PC-9M, lena n-áirítear Scáileán Os Do Chomhair (HUD) agus Córas Ionstraimíochta Eitilte Leictreonach (EFIS) ar a dtaispeántar ionstraimí príomha. Tá suíochán teilgin Martin-Baker CG-A suiteáilte sa PC-9M, suíochán a ligeann do phíolótaí éalú go sábháilte ó leibhéal na farraige go dtí a shíleáil oibríochta ag aerluas ar bith os cionn 65 cnota.

Rólanna

  • Traenáil Phíolótaí ab initio
  • Ardtraenáil Phíolótaí
  • Traenáil Teagascóirí Píolóta
  • Dlúth-Aerthacaíocht
Staitisticí Pilatus PC-9M
Cineál Aerárthaigh Pilatus PC-9M
Ról(anna) Traenáil Phíolótaí Ab Initio & Ardtraenáil Phíolótaí, Traenáil Teagascóirí Píolóta, agus Dlúth-Aerthacaíocht
Criú 1 Píolóta & 1 Dalta
Córas Tiomána 1 x inneall turba-liáin Pratt & Whitney PT6A-62
Réise Sciathán 10.19 méadar (33 troigh, 5 orlach)
Airde 3.25 méadar (10 dtroigh, 8 orlach)
Fad  10.16 méadar (33 troigh, 4 orlach)
Armáil 2 x Faighneog Roicéad — Ina gcoinnítear x 2.75” (70mm) Aer-roicéid Eite-fhillteach ‘FN LAU 7’
2 x .5” FN HMG — Crios 250 urchar ar gach gunna
Chuaigh i mbun Seirbhíse 2004

Feidhmíocht Pilatus PC-9M
Uas T/O Meáchan 3,200 cileagram (7,050 punt)
Síleáil Seirbhíse 25,000 troigh
Luas Cúrsála 275 cnota
Uasluas 320 cnota
Seasmhacht 4 uair, 30 nóiméad
Raon 850 Muirmhíle