We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

AIRCORPS1

Learjet 45

Eolais faoin Learjet 45

Learjet 45 amháin atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh an t-aerárthach sin i mbun seirbhíse sa bhliain 2004 agus oibrÁonn sé seacht lá na seachtaine, in Aeriompar Airí Rialtais de ghnáth.

Anuas ar a ról iompair, is minic a chuireann an Learjet 45 seirbhís aistrithe othar ar fáil, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, i gcomhar leis an Roinn Sláinte.  Is féidir an t-aerthárthach a athchóiriú chuige sin taobh istigh d’uair an chloig — baintear suíocháin amach as ionas gur féidir córas sínteán Lifeport lán-neamhspleách a shuiteáil sa chábán.

Aistrítear paisinéirí caol díreach ó otharcharr isteach san aerárthach leis an gcóras sin, agus tá rampa ualaithe ann a bhfuil modhnú speisialta déanta air. Agus cuireann an córas sínteán Lifeport foinse lán-neamhspleách leictreach, ocsaigine, folúis agus aeir ar fáil don phearsanra míochaine ar bord an aerárthaigh fad a bhíonn othar á aistriú. Is córas é a dearadh chun paisinéirí a iompar a mbeadh ardtacaíocht beatha de dhíth orthu.

Rólanna

  • Iompar an Uachtaráin agus Airí Rialtais
  • Iompar Daoine Mór le Rá & Iompar Míleata
  • Aerárthach Othar
Staitistici Learjet 45
Cineál Aerárthaigh Bombardier Learjet 45
Ról(anna) Iompar an Uachtaráin, Airí, Pearsanra Míleata agus Daoine mór le rá & Aerárthach Othar
Criú 2 Píolóta, 1 Freastalaí Eitilte agus suas le 7 Paisinéir
Córas Tiomána 2 x turba-fean Honeywell TFE731-20AR-1B
Réise Sciathán 14.58 méadar (47 troigh, 10 orlach)
Airde 4.29 méadar (14 troigh, 1 orlach)
Fad 17.81 méadar (58 troigh, 5 orlach)
Armáil Neamhbhainteach
Chuaigh i mbun Seirbhíse 2004

Feidhmíocht Learjet 45
Uas T/O Meáchan 9,762 cileagram (21,500 punt)
Síleáil Seirbhíse 51,000 troigh
Luas Cúrsála Mach 0.78
Uasluas Mach 0.81
Seasmhacht 4 uair 30 nóiméad (Móide Cúltaca)
Raon  2,000 muirmhíle