We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

AIRCORPS1

EC135 T2

Eolais faoin EC135 T2 Helicopter

EUROCOPTER EC135 T2

Dhá aerárthach EC135 T2 atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair, i gcomhar leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Chuaigh an chéad aerárthach i mbun seirbhíse sa bhliain 2003 agus oibríonn an dá cheann seacht lá na seachtaine ina ról Aerthacaíochta don Gharda Síochána.

Is faoin Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí atá an rialú oibriúcháin i gcás na n-aerárthaí, ach is é an tAerchór a sholáthraíonn na píolótaí d’Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána chun na haerárthaí a eitilt.

Rólanna

  • Aerthacaíocht an Gharda Síochána
Staitisticí EC135 T2
Cineál Aerárthaigh Eurocopter EC 135 T2
Ról(anna) Aerthacaíocht an Gharda Siochána
Criú 1 Píolóta agus 2 Garda Síochána
Córas Tiomána 2 x turba-seafta Turbomeca Arrius 2B2
Trastomhas Rótair 10.2 méadar (33 troigh, 6 orlach)
Airde 3.51 méadar (10 dtroigh, 9 orlach)
Fad 12.16 méadar (39 troigh, 11 orlach)
Armáil Neamhbhainteach
Chuaigh i mbun Seirbhíse 2003

Feidhmíocht EC135 T2
Uas T/O Meáchan 2,835 cileagram (6,245 punt)
Síleáil Seirbhíse 20,000 troigh
Luas Cúrsála 120 cnota
Uasluas 150 cnota
Seasmhacht Ag brath ar an misean
Raon Ag brath ar an misean