We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

AIRCORPS1

EC135 P2

Eolais Faoin EC135P2 Helicopter

Dhá aerárthach EC135 P2+ atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh na haerárthaÁ sin i mbun seirbhÁse sa bhliain 2005 agus oibrÁonn siad seacht lá na seachtaine don Aerchór, i mbun iliomad rólanna.

Nuair a chríochnaíonn siad a gcúrsa ‘Sciatháin’, sruthaítear na daltaí i dtreo oibríochtaí sciathán dobhogtha nó oibríochtaí sciathán rothlach. Is é an EC135 an príomhaerárthach a úsáidtear san Aerchór do thraenáil sciathán rothlach ab initio. Maireann gnáthchúrsa tiontaithe sciathán rothlach timpeall sé mhí. Lena linn sin cuirfidh na daltaí lear mór oibríochtaí míleata sciathán rothlach i gcrích ar nós druileanna rópadóireachta, lasta a chrochadh, eitleoireacht sléibhe agus foirmíochtaí oirbheartaíochta.

Rólanna:

  • Traenáil phíolótaí
  • Tacaíocht don Arm
  • Aerárthach othar
  • Iompar daoine mór le rá agus iompar míleata
  • Úsáid ghinearálta
Staitisticí EC135 P2+
Cineál Aerárthaigh Eurocopter EC 135 P2+
Ról(anna) Traenáil phíolótaí, tacaíocht don arm, aerárthach othar, iompar pearsanra mór le rá
& míleata agus úsáid ghinearálta
Criú 1 Píolóta, 1 Fear criú & suas le 5 trúpa
Córas Tiomána 2 x Pratt & Whitney PW206B2
Trastomhas Rótair 10.2 méadar (33 troigh, 6 orlach)
Airde 3.51 méadar (10 dtroigh, 9 orlach)
Fad 12.16 méadar (39 troigh, 11 orlach)
Armáil  Neamhbhainteach
Chuaigh i mbun Seirbhíse Samhain 2005

Feidhmíocht EC135 P2+
Uas T/O Meáchan 2,835 cileagram (6,245 punt)
Síleáil Seirbhíse 25,000 troigh
Luas Cúrsála 135 cnota
Uasluas 155 cnota
Seasmhacht 2 uair an chloig
Raon 270 muirmhíle